Aonad 5 – Buiséid
Baineann na ceachtanna san aonad seo, mar aon leis na hacmhainní go léir a bhaineann leo, leis an ráiteas seo a leanas ón tSonraíocht.
Ráiteas 1.12
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire buiséad a ullmhú agus anailís a dhéanamh air, an staid airgeadais a fháil amach, gníomhartha cuí a mholadh agus an anailís a chur i láthair i bhfoirm táblaí agus graf.
Ceacht 1
Réamhrá:
Buiséad is ea plean airgeadais a leagann amach an t-ioncam agus an caiteachas don am atá le teacht. Sa cheacht seo gheobhaidh scoláirí tuiscint ar céard is brí le buiséad, cineálacha éagsúla buiséad agus an tábhacht a bhaineann le buiséad a chur le chéile.
Gníomhaíocht 1:
Sa ghníomhaíocht seo foghlaimeoidh scoláirí faoi céard is buiséad ann agus an tábhacht a bhaineann le buiséad a ullmhú. Níl i mbuiséad ach plean airgeadais (ioncam agus caiteachais) don am atá le teacht. Cabhraíonn buiséad lenár gcuid riachtanais agus mianta a shásamh.
Smaoinigh – Péireáil – Roinn
- Mínigh don rang go bhfuil siad chun gníomhaíocht a dhéanamh ina ndéanfaidh siad machnamh agus plé ar a dtuiscint ar an bhfocal ‘buiséad’.
- Tabhair amach ceann de na bileoga oibre thíos do gach scoláire agus iarr orthu é a chomhlánú ina n-aonar. Cuir na ceisteanna seo a leanas ar na scoláirí;
- Ar chuala sibh an focal ‘buiséad’ riamh cheana?
- Más ea, cén comhthéacs? (m.sh. buiséad an rialtais, buiséad teaghlaigh srl.)
- An ndearna duine ar bith sa rang plean riamh faoi conas a gcuid airgid a shábháil nó a chaitheamh, i.e. le bronntanais Nollag a cheannach nó le haghaidh saoire?
- Déan plé ar na buiséid go léir (Buiséid phearsanta, buiséid teaghlaigh, buiséid ghnó, buiséid rialtais) agus mínigh an tábhacht a bhaineann le buiséad a chur le chéile:
- Ag coinneáil súil ar gach rud atá ag teacht isteach (ioncam) agus ag dul amach (caiteachas)
- Pleanáil conas a chaitear airgead
- A bheith níos stuama le hairgead agus in ann patrúin a dhéanamh amach agus iad a úsáid chun pleanáil a dhéanamh don todhchaí.
- Smacht a choinneáil ar chaiteachas
- I mbeirteanna, iarr ar scoláirí a gcuid oibre a chur i gcomparáid agus cinneadh a dhéanamh ar na freagraí is fearr do gach ceann de na boscaí ar a mbileoga oibre comhlánaithe.
- Déan plé ar an mbileog oibre leis an rang agus déan taifead do fhreagraí na scoláirí ar an gclár bán. Tabhair aiseolas dóibh.
Ceacht 2
Réamhrá:
Is ceacht é seo a chabhróidh le daltaí buiséad simplí a chur le chéile.
Gníomhaíocht:
- Roinn scéal Ghráinne leo, atá ar fáil ar an mbileog thíos. Léigh é mar rang ar dtús.
- Fiafraigh den rang cén ócáid/imeacht gur gá buiséad a réiteach ina leith?
- Cuir na ceisteanna seo orthu:
- Cé mhéad gur mian le Gráinne a bheith i dtaisce aici dá laethanta saoire?
- Cé mhéad ama atá aici chun an t-airgead seo a shábháil?
- Cé mhéad gur gá di a shábháil gach seachtain chun a sprioc a bhaint amach?
- An gceapann tú go mbeidh dóthain ama ag Gráinne chun a sprioc a bhaint amach?
- Iarr ar na daltaí súil a chaitheamh ar an airgead atá á thuilleamh ag Gráinne, mar aon leis an airgead atá á chaitheamh aici. (Ioncam v Caiteachas)
- Roinn cóip den bhuiséad orthu, atá ar fáil ar an mbileog thíos.
- Iarr orthu é seo a líonadh amach, leis na pointí seo san áireamh:
- An mbeidh sí ann an t-suim chéanna a shábháil gach seachtain?
- Céard a tharlaíonn má bhíonn sí tinn agus nach féidir léi dul ag siúl ná ag feighlíocht?
- Cén trí mholadh a bheadh agat chun Gráinne a spreagadh don tréimhse 7 seachtaine?
- Meabhraigh dóibh go mbíonn gach buiséad bunaithe ar riachtanais agus mianta éagsúla.
- Ciallaíonn seo nach bhfuil aon fhreagra mícheart – ach iarracht mhacánta a bheith déanta!!
Ceacht 3
Réamhrá:
Is ceacht eile é seo, cosúil le ceacht 2, a chabhróidh le daltaí buiséad simplí a chur le chéile. Tá sé bunaithe ar chás-staidéir.
Gníomhaíocht:
- Roinn scéal Shorcha agus scéal Sheáin, atá ar fáil ar na bileoga thíos, ar na daltaí.
- Léigh iad mar rang agus tarraing aird ar na gnéithe is suntasaí – ó thaobh ioncaim agus caiteachais de.
- Abair leo go bhfuil siad chun buiséad a chur le chéile dá rogha duine.
- Ba cheart do na daltaí cumasacha scéal Shorcha a dhéanamh.
- Tabhair dóibh an teimpléad, atá ar fáil thíos, le cur faoina gcúram.
- Tá teimpléad comhlánaithe thíos chomh maith.
Ceacht 3 Leathanach an Mhúinteora
Ceacht 4
Réamhrá:
Is ceacht eile é seo, cosúil le ceacht 2/3, a chabhróidh le daltaí buiséad simplí a chur le chéile dóibh féin.
Gníomhaíocht:
- Abair leis an rang go mbeidh siad ag obair i ngrúpaí beaga ag iarraidh buiséad samplach a chur le chéile.
- Meabhraigh dóibh gur plean airgeadais atá ann, a leagann amach an t-ioncam agus an caiteachas don am atá le teacht.
- Beidh beagán samhlaíochta de dhíth – ionas go mbeidh siad in ann na gnéithe difriúla a chlúdach, ach b’fhéidir go mbeidh tuiscint faoi leith acu óna dtaithí féin.
- Abair leo go mbeidh orthu taifead a dhéanamh den ioncam ar thaobh amháin agus den caiteachas ar thaobh eile.
- Roinn an teimpléad thíos leo de réir mar a fhorbraíonn an plé.
- Ceistigh iad. An dtugann siad aon rud suntasach faoi deara?
Ceacht 5
Réamhrá:
Sa chéad cheacht den aonad seo, d’fhoghlaim muid faoi céard is buiséad ann agus an tábhacht a bhaineann le buiséad a chur le chéile. Anuas air sin, in aonaid eile, d’fhéach muid ar phleananna d’ioncaim agus do chaiteachais. Tá meascán de na pleananna ioncaim agus caiteachais a chonaic muid níos luaithe i gceist le buiséad teaghlaigh.
Gníomhaíocht 1:
Sa bhileog oibre thíos, breathnóimid ar bhuiséad teaghlaigh Kerrigan. Glacfaimid leis go bhfuil €300 airgead tirim acu ag tús mhí Eanáir. Tapaigh an deis chun plé oscailte a dhéanamh leis an rang iomlán agus iarr ar na scoláirí smaoineamh ar cad as a dtáinig an t-airgead seo.
Chomh maith leis sin, déan plé agus ríomh na figiúirí do ghlanairgead tirim, airgead tirim tosaigh, airgead tirim deiridh leis na scoláirí agus iarr orthu staid airgeadais an bhuiséid a dhéanamh amach (i.e. an bhfuil sé comhardaithe, an bhfuil barrachas nó an bhfuil easnamh?).
Ceacht 5 Buiséad Teaghlaigh Kerrigan
Ceacht 6
Réamhrá:
Sa cheacht roimhe seo, rinneadh ríomh ar bhuiséad teaghlaigh agus staidéar ar an staid airgeadais a bhí ag an teaghlach sin.
Sa cheacht seo, déanfar plé ar an tábhacht a bhaineann le pleanáil agus buiséadú agus an tionchar a bhíonn ag ár gceannacháin ar an duine aonair agus ar an tsochaí.
Gníomhaíocht 1:
Féach ar an bhfíseán seo ón gcéad chlár sa tsraith teilifíse urraithe ag CICT ‘How to be Good with Money’. Iarr ar na scoláirí staidéar a dhéanamh ar an gcaoi a gcuidíonn pleanáil siopadóireacht na seachtaine le buiséadú agus iarr orthu smaoineamh ar na tionchair eile a d’fhéadfadh a bheith aige.
Gníomhaíocht 2:
Iarr ar scoláirí póstaer a chruthú faoi bhainistiú acmhainní airgeadais go héifeachtach chun a gcuid tuiscint a léiriú. Ag brath ar chúrsaí ama, d’fheadfaí tuilleadh forbartha a dhéanamh air seo agus siopadóireacht eiticiúil a thabhairt isteach sa phlé.
Físeán Teagaisc:
Ceacht 7
Réamhrá:
Sna ceachtanna eile san aonad seo, rinneadh plé ar céard is brí le buiséad, cineálacha éagsúla buiséad agus an tábhacht a bhaineann le buiséad a chur le chéile; rinneadh plé ar an tábhacht a bhaineann le pleanáil agus buiséadú agus an tionchar a bhíonn ag ár gceannacháin ar an duine aonair agus ar an tsochaí.
Sa cheacht seo, déanfar buiséad teaghlaigh a léamh, a mheas, a ríomh agus a líonadh.
Gníomhaíocht 1:
Thíos tá buiséad theaghlach Weldon le haghaidh ceithre mhí, Meán Fómhair go Nollaig 2019.
Iarr ar na scoláirí an t-eolas ar fad a chuirtear ar fáil faoi na ceannteidil ioncaim phleanáilte agus caiteachais phleanáilte a léamh agus a mheas.
Ba chóir dóibh an teimpléad glan do bhuiséad theaghlach Weldon a líonadh agus úsáid á baint acu as na suimeanna. Ní mór dóibh an téarma ‘Caiteachas Lánroghnach’ a mhíniú chomh maith.
Ceacht 7 Céist Shamplach Weldon
Ábhair Airgid
- Staidéar Gnó
- Staidéar Gnó OneNote
- An tSonraíocht
- Aonad 1 – Riachtanais agus Mianta
- Aonad 2 – Acmhainní agus Ioncam
- Aonad 3 – An Timthriall Airgeadais
- Aonad 4 – Caiteachas
- Aonad 5 – Buiséid
- Aonad 6 – Seirbhísí Airgeadais
- Aonad 7 – Coigiltis
- Aonad 8 – Iasachtaí
- Aonad 9 – Freagrachtaí Tomhaltóirí
- Aonad 10 – Cearta Tomhaltóirí
- Aonad 11 – Árachas
- Eacnamaíocht Bhaile