Aonad 4 – Caiteachas

Déanfar machnamh san aonad seo ar na bealaí éagsúla a chaitheann daoine óga airgead. Fiosrófar an tionchar a imríonn caiteachas orthu féin agus ar a dteaghlaigh. Déanfar idirdhealú idir caiteachas seasta, caiteachas neamhrialta agus caiteachas lánroghnach. Cuirfear cineálacha caiteachais in ord tosaíochta chomh maith.

Baineann na ceachtanna san aonad seo, mar aon leis na hacmhainní go léir a bhaineann leo, leis an ráiteas seo a leanas ón tSonraíocht.

Ráiteas 1.2

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire foinsí ioncaim agus caiteachais a shainaithint agus a rangú, comparáid a dhéanamh idir na roghanna atá ar fáil chun an bainistiú is fearr a dhéanamh ar acmhainní airgeadais, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le gach rogha acu agus breithiúnais eolacha agus fhreagracha a dhéanamh.













Haven’t found what you're looking for?