Aonad 2 – Acmhainní agus Ioncam

San aonad seo, fiosróidh na daltaí na hacmhainní go léir atá ar fáil dóibh, mar aon leis na cinntí gur gá a dhéanamh nuair atá na hacmhainní seo á n-úsáid chun a riachtanais agus mianta a shásamh. Fiosróidh siad foinsí ioncaim freisin, a thabharfaidh tuiscint dóibh ar chatagóirí ioncaim éagsúla.

Baineann na ceachtanna san aonad seo, mar aon leis na hacmhainní go léir a bhaineann leo, leis na ráitis seo a leanas ón tSonraíocht:

Ráiteas 1.1

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní pearsanta atá ar fáil dó chun freastal ar a chuid riachtanas agus mianta agus anailís a dhéanamh ar an méid a imríonn sásamh na riachtanas agus na n-éileamh sin tionchar ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí.

Ráiteas 1.2

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire foinsí ioncaim agus caiteachais a shainaithint agus a rangú, comparáid a dhéanamh idir na roghanna atá ar fáil chun an bainistiú is fearr a dhéanamh ar acmhainní airgeadais, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le gach rogha acu agus breithiúnais eolacha agus fhreagracha a dhéanamh.







 

Haven’t found what you're looking for?