Roinn 3 – Caiteachas

Toradh Foghlama

2.13 scileanna i dtuiscint airgeadais a chur i bhfeidhm chun buiséad a ullmhú agus a mheas don mhaireachtáil neamhspleách

Ag Nascadh Torthaí Foghlama



Réamhrá

Leagtar béim ar chaiteachas sa roinn seo. Caithfear súil ar chaiteachas na ndaltaí féin, mar aon le caiteachas teaghlaigh. Foghlaimeofar conas idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha caiteachais éagsúla – caiteachas seasta, caiteachas neamhrialta agus caiteachas lánroghnach.

Fiosrófar na bealaí gur féidir caiteachas a rangú in ord tosaíochta, mar aon leis na slite gur féidir an próiseas rangaithe seo a nascadh le riachtanais agus mianta.

Réamhfhoghlaim

Ba chóir go mbeadh tuiscint ag scoláirí ar riachtanais agus mianta (féach roinn 1) agus na foinsí éagsúla ioncaim atá ar fáil dóibh mar dhuine aonair agus mar theaghlach (féach roinn 2).

Príomhfhoghlaim

  • Scileanna litearthachta airgeadais a phlé.
  • Tuiscint go bhfuil scileanna litearthachta airgeadais riachtanach don mhaireachtáil neamhspleách.
  • Cad is brí le caiteachas?
  • Na téarmaí ‘caiteachas seasta, caiteachas neamhrialta agus caiteachas lánroghnach’ a thuiscint.
  • Caiteachas a rangú i gcatagóirí éagsúla – seasta, neamhrialta agus lánroghnach.
  • An tábhacht a bhaineann le caiteachas a rangú in ord tosaíochta.
  • An téarma ‘tobcheannach’ a thuiscint – agus an tionchar a imríonn tobcheannach ar phleanáil airgeadais don teaghlaigh agus don mhaireachtáil neamhspleách

Maireachtáil neamhspleách

Cuir tús le plé dírithe ar an téarma maireachtáil neamhspleách. Fiosraigh ón rang cén tuiscint atá acu ar an téarma seo.

Soiléirigh, más gá, go gcaitheann na daltaí mórán dá gcuid ama ar scoil ag foghlaim agus go bhfuil a gcearta oideachais cosanta. Ciallaíonn seo go bhfuil na bealaí gur féidir leo airgead a thuilleamh srianta san am atá i láthair – ach go dtiocfaidh athrú ar seo de réir mar a théann siad in aois. Mar de réir mar a fhágann siad an córas oideachais, éireoidh leo fostaíocht a fháil agus beidh orthu maireachtáil as a stuaim féin.

Pléigh na scileanna atá tábhachtach don mhaireachtáil neamhspleách mar rang: cócaireacht, bainistíocht bhaile, bainistíocht airgeadais.

Déan plé ar an téarma scileanna litearthachta airgeadais. Fiosraigh ón rang cén tuiscint atá acu ar an téarma seo. Mar shampla: conas mar a oibríonn an córas airgeadais, conas mar a thuilleann daoine airgead, conas mar a bhainistíonn daoine airgead, conas mar a chaitheann daoine airgead. Léirigh na deacrachtaí a bhíonn ag daoine mura dtuigeann siad na ceisteanna seo. Mar shampla: fiachas agus araile.

Gníomhaíocht 1: Scileanna litearthachta airgeadais a inniúchadh

Smaoinigh-péireáil-roinn

  1. Iarr ar na daltaí liosta scileanna litearthachta airgeadais a chur le chéile – atá tábhachtach don mhaireachtáil neamhspleách.
  2. Iarr orthu póstaer nó néal focal a réiteach bunaithe ar an liosta seo – agus é a roinnt leis an rang.

Caiteachas

Tugtar caiteachas ar an ngníomh nuair a chaitheann tú airgead. Feictear caiteachas go rialta sa saol laethúil nuair a cheannaíonn daoine bia, leabhair agus araile.

Tá caiteachas áirithe riachtanach – is é sin caiteachas ar earraí nach féidir linn maireachtáil dá uireasa – ár riachtanais. Tá caiteachas eile nach bhfuil riachtanach – is é sin caiteachas ar ár mianta. Nuair atá caiteachas á fhiosrú againn tá sé tábhachtach go mbeimis in ann cineálacha caiteachais éagsúla a rangú in ord tosaíochta – agus iad seo a nascadh le riachtanais agus mianta. Cabhróidh seo linn an leas is fearr a bhaint as ár n-acmhainní airgeadais.

Soiléirigh go bhfuil catagóirí éagsúla caiteachais ann – agus soiléirigh an difríocht eatarthu. Is féidir caiteachas a rangú sna catagóirí seo a leanas:

  • Caiteachas Seasta: Is íocaíochtaí rialta iad seo a bhíonn mar an gcéanna i gcónaí: cíos nó morgáiste.
  • Caiteachas Neamhrialta: Athraíonn am agus méid na n-íocaíochtaí: bille fóin, bille leictreachais.
  • Caiteachas Lánroghnach: Seo caiteachas ar earraí nach bhfuil riachtanach: mianta seachas riachtanais.

Gníomhaíocht 2: Bileog oibre caiteachais

Bileog oibre: Caiteachas

  1. Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí.
  2. Iarr orthu í a chomhlánú bunaithe ar an méid atá tugtha le fios sa phlé go dtí seo.
  3. Fiosraigh ón rang cén t-earra is tábhachtaí, dar leo.
  4. Iarr orthu meabhairmhapa a chruthú a léiríonn na catagóirí caiteachais éagsúla.

Gníomhaíocht 3: Na trí catagóirí caiteachais is mó

Sna ranna atá déanta go dtí seo, rinneamar idirdhealú idir riachtanais agus mianta, agus na hacmhainní atá ar fáil dúinn. D’aithníomar an tábhacht a bhaineann le hioncam mar acmhainn freisin.

Cuir tús leis an roinn seo le sraith ceisteanna a fhiosraíonn na trí catagóirí caiteachais is mó a bhíonn ag déagóirí.

Fiosraigh an gcaitheann siad an méid céanna airgid ar na rudaí céanna gach seachtain, nó an mbíonn patrúin éagsúla caiteachais acu.

Caiteachas Pearsanta

  1. Iarr ar an rang machnamh a dhéanamh ar na bealaí éagsúla a chaith siad airgead le seachtain anuas.
  2. Iarr orthu an trí rud ba chostasaí a cheannaigh siad a bhreacadh síos in ord, ag tosú leis an gceann ba chostasaí.
  3. Iarr orthu an méid iomlán a ríomh. Ní gá an t-eolas seo a roinnt.

Ceisteanna féideartha eile:

  • An ndéanann tú plean caiteachais? Cén fáth a ndéanann / cén fáth nach ndéanann?
  • An gceapann tú go bhfuil plean caiteachais riachtanach nó tábhachtach? Cén fáth?
  • An dtarlaíonn sé riamh nach mbíonn dóthain airgid agat dod’ riachtanais / mhianta / chaiteachas pleanáilte
  • An ndéanann tú plean riamh chun airgead a shábháil gach seachtain / mí?

Plé Ranga:

Tosaigh comhrá bunaithe ar an machnamh seo a fhiosraíonn:

    • Cad iad na rudaí is mó a gcaitheann siad airgead orthu?
    • Cad iad na rudaí is lú a gcaitheann siad airgead orthu?
    • An mbíonn deis acu airgead a shábháil go seachtainiúil?
    • Cén bac a bhíonn orthu airgead a shábháil? Agus/nó cad a chabhraíonn leo?
    • Conas gur féidir leo airgead a bhainistiú níos fearr, ionas go mbeidh airgead acu nuair a bheidh sé ag teastáil?

Ag Sábháil

Is éard atá i gceist le coigilteas  ná airgead a chur ar leataobh ionas gur féidir é a úsáid am éigin sa todhchaí. Is éard atá i gceist le coigilteas ná caiteachas moillithe, mar is iondúil go mbíonn plean ann é a chaitheamh am éigin amach anseo.

D’fhéadfaí airgead a choigilt le haghaidh rud éigin sonrach, cosúil le carr nó laethanta saoire, le haghaidh rud éigin nach fios cad é, nó le haghaidh cúrsaí éigeandála. Tá tábhacht faoi leith leis an gcoincheap seo, a gcuireann airgead ar leataobh le haghaidh cúrsaí éigeandála agus ba cheart é a mhíniú go soiléir don rang ag an bpointe seo.

Ba cheart coigilteas a chlúdach in aon bhuiséad seachtainiúil nó míosúil mar is gné lárnach de bhuiséadú é. Léiríonn coigilteas seasta míosúil d’aon institiúid airgeadais – banc agus araile – go bhfuil sé d’inniúlacht agat gealltanas airgeadais a thabhairt, a chabhródh le hiarratais airgeadais amach anseo. Mar shampla, nuair a bhíonn morgáiste á lorg, fiosraíonn institiúid airgeadais an cumas coigiltis atá agat sar a dtabharfadh siad aon mhorgáiste duit.

Measúnú Féideartha: Cén áit gur féidir airgead a choigilt?

Bileog Oibre: Cén áit gur féidir airgead a choigilt?

D’fhéadfadh daltaí póstaeir a dhearadh a thugann treoir céim-ar-chéim faoin mbealach a osclaítear cuntas coigiltis.

Má bhíonn banc sa scoil, tabhair cuireadh dóibh siúd atá rannpháirteach ann teacht chun cainte leis an rang faoi na bealaí gur féidir cuntas coigiltis a oscailt leo agus faoi na buntáistí a bhainfeadh leis. D’fhéadfadh daltaí an uirlis chomparáide choigiltis a úsáid chun na cuntais choigiltis atá ar fáil a fhiosrú agus na gnéithe a bhaineann leo a scagadh.

Plé Ranga:

  1. Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí agus iarr orthu í a líonadh isteach.
  2. Déan plé mar rang ar na bealaí gur féidir airgead a shábháil ar bhonn rialta – siúl ar scoil seachas bus a fháil, lón a dhéanamh seachas é a cheannach sa cheaintín 7rl.

Le fiosrú an féidir airgead a shábháil trí lón a dhéanamh duit féin, tá sé tábhachtach comparáid a dhéanamh idir an praghas a chosnódh bia/béile a dhéanfá sa bhaile agus an praghas a bheadh air dá gceannófá i siopa é. Chun é seo a dhéanamh beidh ort costas aonaid na n-earraí a ríomh.

Gníomhaíocht 4: Ag Ríomh Chostas Aonaid



Tá sé tábhachtach go mbeimis in ann costas aonaid a ríomh nuair atá caiteachas á phleanáil againn, go háirithe nuair atá an tsiopadóireacht sheachtainiúil á déanamh. Tá tábhacht faoi leith i gceist nuair atá daoine ina gcónaí leo féin den chéad uair.

Treoracha

  1. Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí agus léigh tríd an mbileog mar rang, le cinntiú go bhfuil na téarmaí go léir atá in úsáid soiléir.
  2. Ag leanúint an tsampla atá déanta, iarr ar na daltaí an costas aonaid do na comhábhair go léir a aimsiú.
  3. Cuir an costas deiridh i gcomparáid leis an bpraghas a bheadh ar ‘Spicy Beef Burrito’ i mbialann ghasta.

Bileog Oibre: Ag Ríomh Chostas Aonaid

Déan na torthaí a phlé mar rang. Fiosraigh an bhfuil ionadh orthu?

Forbairt Tuisceana:

  1. Treoraigh na daltaí go dtí an suíomh seo a leanas: https://www.ccpc.ie/consumers/shopping/pricing/price-display-goods/
  2. Iarr orthu an t-eolas is tábhachtaí atá ar fáil ar an leathanach a chur le chéile – agus é a chur i láthair don rang. D’fhéadfaí PowerPoint nó póstaer a chruthú.

Tobcheannach

Nuair atá buntuiscint ag na daltaí ar chaiteachas aonarach, déan forbairt ar an bplé a chuimsíonn na gnéithe éagsúla den chaiteachas teaghlaigh (morgáiste, cíos, costais choinneála cairr, earraí grósaeireachta, bronntanais agus araile).

Iarr ar na daltaí conas, agus cad iad na cúiseanna a ndéanann teaghlaigh caiteachas a phleanáil agus déan plé ar an méid a bhaineann le tobcheannach (i.e. rudaí a cheannach gan aon réamhphleanáil déanta bunaithe ar thobsmaoineamh). Fiosraigh den rang cén tuiscint atá acu ar ‘tobcheannach’ agus aon samplaí a bheadh acu gur mian leo a roinnt.

D’fhéadfaí tobcheannach a dhéanamh ar earra costasach nó dhó, nó réimse leathan earraí ar phraghasanna íseal. Ach pé scéal é, d’fhéadfadh ganntanas airgid a bheith mar thoradh orthu a chiallódh nach mbeadh dóthain airgid ar fáil d’earraí riachtanacha. Nuair atá siopadóireacht á déanamh, is fearr liosta a dhéanamh agus fanacht leis, a mhéid agus is féidir. Bheadh níos lú deacrachtaí le caiteachas neamhphleanáilte mar thoradh.

Éascaigh plé uile ranga ag an bpointe seo le cinntiú go mbíonn tuiscint ag na daltaí ar an mbrí atá le tobcheannach, mar aon leis an tionchar a d’fhéadfadh sé imirt ar bhuiséadú.

Gníomhaíocht 5: Tobcheannach a shainaithint

Fiosrófar an téarma ‘tobcheannach‘ anseo. Tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint againn ar an gcoincheap seo más mian linn an leas is fearr a bhaint as ár n-acmhainní.

Treoracha:

Féach ar an bhfíseán thíos, atá tógtha ón gclár ‘How to be good with Money‘, agus déan plé ar na ceisteanna atá faoina bhun.

  1. Cén cineál caiteachais atá luaite san fhíseán?
  2. An raibh tobcheannach á dhéanamh ag an bhfear atá faoi agallamh? Pléigh.
  3. Tabhair comhairle airgeadais don duine seo a chabhródh leis a bheith níos stuama le hairgead amach anseo.

Gníomhaíocht 6: Fachtóirí a imríonn tionchar ar chaiteachas

Smaoinigh-péireáil-roinn:

Is léir ón méid atá foghlamtha agus pléite go dtí seo go mbíonn caiteachas éagsúil ag daoine éagsúla.

Bain leas as na cártaí a úsáideadh sa rólghlacadh i Roinn 1 chun caiteachas daoine éagsúla a mheas.

Treoracha:

  1. Roinn an rang i bpéirí agus tabhair cárta amháin ó na bileoga thíos dóibh.
  2. Iarr orthu an cárta a léamh agus liosta caiteachais a chur le chéile don duine sin.
  3. Nuair atá liosta déanta, iarr orthu an caiteachas seo a rangú sna catagóirí seo: caiteachas seasta, caiteachas neamhrialta agus caiteachas lánroghnach.
  4. Déan taifead den tsuim i ngach cás.
  5. Iarr orthu na cártaí a mhalartú leis an bpéire in aice leo agus comparáid a dhéanamh idir na carachtair éagsúla. (D’fhéadfaí seo a dhéanamh faoi dhó/thrí dá n-oirfeadh).

Bileog Oibre: Rólchártaí

Plé & Machnamh

Sa roinn seo, chaitheamar súil ar réimse suímh éagsúla agus d’fhiosraíomar na cineálacha éagsúla caiteachais a d’fhéadfadh tarlú. D’aithníomar gur gá caiteachas a phleanáil agus an toradh a bhíonn ar thobcheannach.

An bhfuil aon rud a chuir ionadh ort faoin méid atá pléite faoi chaiteachas?

Conas mar a bhraitheann tú faoi na roghanna atá déanta agat i dtaca leis an airgead atá agat a chaitheamh agus an phleanáil atá de dhíth ina leith?

An bhféadfá do nósanna caiteachais agus tomhaltais féin a mheas? An gceannaíonn tú rudaí atá riachtanach nó rudaí gur mian leat? Conas a gcothromaíonn tú do chaiteachas pearsanta?

Haven’t found what you're looking for?