Roinn 1 – Riachtanais agus Mianta

Toradh Foghlama

2.10 scileanna cinnteoireachta tomhaltóra a chur i bhfeidhm chun acmhainní pearsanta agus teaghlaigh a láimhseáil don saol laethúil.

Ag Nascadh Torthaí Foghlama



Réamhrá

Sa roinn seo, aithníonn daltaí riachtanais agus mianta agus déanann siad idirdhealú eatarthu. Déanfar seo trí anailís a dhéanamh ar chás-staidéár agus páirt a ghlacadh sa chluiche Ollchéimeanna. Trí chomparáid a dhéanamh idir riachtanais agus mianta forbrófar tuiscint bhreise ar leathdháileadh acmhainní pearsanta agus na bealaí a athraíonn na hacmhainní seo sa saolré. Tacaíonn na bileoga oibre sa roinn seo chun deis a thabhairt do na daltaí a scileanna cinnteoireachta a chur i bhfeidhm chun an leas is fearr a bhaint as acmhainní sa saol leathúil.

Príomhfhoghlaim

  • Na fachtóirí a imríonn tionchair ar ár roghanna.
  • Tuiscint ar na téarmaí ‘riachtanais’ agus ‘mianta’.
  • Idirdhealú idir riachtanais agus mianta.
  • Ár riachtanais agus mianta féin a aithint.
  • Machnamh ar na fachtóirí a imríonn tionchar ar riachtanais agus mianta: aois, treochtaí, faisean, cultúr, fógraí agus margaíocht.
  • An bealach a n-athraíonn riachtanais agus mianta i saolré an duine.

Scileanna Cinnteoireachta

Tosaigh le plé ar an téarma ‘cinnteoireacht’ – a chlúdaíonn na fachtóirí agus an próiseas a bhaineann leis. Déan plé leis an rang faoi na cinntí laethúla a thógann siad – Cén lón a thógfaidh/cheannóidh siad? Cé na héadaí a chaithfidh siad? Cén obair bhaile a dhéanfaidh siad ar dtús?

Fiosraigh na gnéithe a imríonn tionchar ar na cinntí seo – céard iad agus conas a théann siad i bhfeidhm orainn?

Déan nasc le riachtanais, mianta agus acmhainní – agus léirigh go n-imríonn siad an-tionchar ar ár gcinntí. Más mian linn an leas is fearr a bhaint as ár n-acmhainní chun ár riachtanais agus mianta a shásamh, ní mór dúinn cinntí eolacha a dhéanamh.



Riachtanais agus Mianta

Féach ar an bhfíseán thíos agus déan plé ar na ceisteanna a ardaítear lena linn.

Gníomhaíocht 1: Riachtanais agus mianta cás staidéar; Seán

Cás staidéar; Seán

Treoracha

Léigh an cás-staidéar thíos agus déan machnamh ar na riachtanais agus na mianta atá ag Seán.

I bpéirí, déan plé ar na riachtanais/mianta seo agus líon an léaráid ag bun an leathanaigh.

Faigh aiseolas ó na péirí éagsúla agus déan seo a phlé.

Ceisteanna:

  • Cén rothar is ceart do Sheán a cheannach? Cén fáth? Tabhair míniú.
  • Más mian le Seán rothar a cheannach, an mbeidh air gearradh siar ar aon chaiteachas eile? Cén fáth? Tabhair míniú.

Forbairt:

  • Déan plé ar an mbrí atá le ‘deischostas’ – is é sin an costas nuair a bhíonn rogha le déanamh againn.
  • Déan plé ar an mbealach a n-athraíonn riachtanais agus mianta i saolré an duine – bunscoil, meánscoil, ollscoil, saol fostaíochta, saol pósta agus araile – agus fiosraigh na cúiseanna taobh thiar de na hathruithe seo.

Riachtanais agus mianta le linn saolré

Déan plé leis an rang faoi na bealaí a athraíonn riachtanais agus mianta de réir mar a bhogann daoine tríd an saolré (luath-óige, dalta meánscoile/tríúleibhéal, scor) agus fiosraigh na cúiseanna taobh thiar de na hathruithe seo.



Gníomhaíocht 2: Riachtanais agus mianta le linn saolré

Sa ghníomhaíocht seo, beidh ar an rang réimse próifílí éagsúla a chruthú de dhaoine ag céimeanna éagsúla den saolré. Déanfar seo ionas gur féidir athruithe i dtaca le riachtanais agus mianta le linn saolré a phlé.

D’fhéadfaí tuilleadh plé a éascú, chun na cúiseanna a athraíonn riachtanais agus mianta le linn saolré a fhiosrú: ioncam, ag brath ar thuismitheoirí, obair, freagrachtaí agus araile.

Bileog oibre: Próifíl meán sóisialta

Treoracha

  1. Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus tabhair bileog oibre dóibh.
  2. Iarr ar gach grúpa próifíl ó staid éagsúil den saolré a chruthú. Mar shampla: déagóir sa mheánscoil, dalta ollscoile, déagóir atá ag obair, duine fásta atá ag obair, duine pósta le páistí, duine fásta atá scartha, duine fásta atá dífhostaithe, duine atá ar scor, agus araile.
  3. Nuair atá an phróifíl réitithe, malartaigh na leathanaigh agus iarr ar na daltaí na riachtanais agus na mianta den phróifíl atá faighte acu a bhreacadh síos.
  4. Déan plé ar na riachtanais éagsúla atá ag na daoine éagsúla.

D’fhéadfaí na cártaí ón ngníomhaíocht ‘Ollchéimeanna’ a úsáid anseo chun na próifílí éagsúla a fhorbairt.

D’fhéadfadh an rang suirbhé a dhéanamh ar dhaltaí sa chéad agus sa séú bliain freisin, chun comparáid a dhéanamh idir na riachtanais agus mianta ag aoiseanna éagsúla. D’fhéadfaí áis ar líne a úsáid ina leith seo, ar nós Google Forms, Survey Monkey nó aon suíomh oiriúnach cuí.

Measúnú Féideartha: Riachtanais agus mianta

D’fhéadfaí an bhileog ar riachtanais agus mianta a shainmhíniú agus samplaí a shainaithint, in éineacht leis na bealaí a athraíonn siad le linn saolré a úsáid chun foghlaim na ndaltaí a mheas.

Bileog Oibre: Riachtanais agus mianta le linn an saolré

Tosca a imríonn tionchar ar riachtanais agus mianta

Déan plé: Céard a imríonn tionchar ar ár riachtanais agus mianta?

Féach ar an bhfíseán thíos, atá tógtha ón gclár teilifíse “How to be good with Money”. Ansin déan plé ar na ceisteanna faoina bhun.

  • Cén sainmhíniú a thabharfá ar ‘riachtanas‘ agus ‘mian‘?
  • An gcaitheann Rachel a hairgead ar riachtanais nó ar mhianta?
  • Céard a tharlaíonn nuair a chaitheann tú an t-airgead go léir a fhaigheann tú, seachas roinnt de a shábháil?
  • Déan cur síos ar roinnt de na roghanna a rinne Rachel? Cén fáth a raibh uirthi iad a dhéanamh?
  • Da mbeifeá sa chás céanna, an ndéanfá an rud céanna? Cén fáth a ndéanfá? Cén fáth nach ndéanfá? Tabhair cúis.
  • An raibh deischostas (Opportunity Cost) i gceist i gcás Rachel? Nó i bhfocail eile, ar chaill sí amach ar rud a bhí uaithi toisc na roghanna a rinne sí?

Gníomhaíocht: 3: Cluiche Ollchéimeanna

Bíonn riachtanais agus mianta ag daoine éagsúla i dtaca le caiteachas. Sa ghníomhaíocht seo, caithfimid súil ar an tionchar a imríonn seo ar chúinsí airgeadais daoine difriúla atá ag céimeanna éagsúla den saolré.

Bileog Oibre: Cluiche Ollchéimeanna

Bileog Oibre: Rólchártaí

Gníomhaíocht: (Rólghlacadh)

  1. Abair leis an rang go bhfuil siad chun rólghlacadh a dhéanamh chun a dtuiscint ar na riachtanais agus na mianta a bhíonn ag daoine éagsúla ag céimeanna difriúla den saol a fhorbairt.
  2. ‘Ollchéimeanna’ (Nó ‘Giant Steps’) a thugtar ar an ngníomhaíocht seo. Seans go bhfuil taithí ag roinnt daltaí ar a leithéid cheana.
  3. Inis dóibh go mbeidh gach duine ag fáil cárta gur gá dóibh a léamh. Déanann na cártaí seo cur síos bunúsach ar charachtar faoi leith. (Tá seacht gcárta ar an iomlán ar fáil. Mar sin, seans go mbeidh 3/4 leis an gcárta céanna.) Tá na carachtair ar fáil ar an mbileog thíos.
  4. Is féidir leo tréithe na gcarachtar a fhorbairt a thuilleadh más mian leo. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh siad in ann rólghlacadh a dhéanamh, bunaithe ar na tréithe seo.
  5. Nuair atá siad compordach lena gcarachtair, iarr orthu seasamh i líne ag bun an ranga. Abair leo go mbeidh deich ráiteas á leamh agat agus go mbeidh siad ag bogadh ar an mbonn seo:
  • Ollchéim a thógáil má bhaineann an ráiteas lena gcarachtar go hiomlán.
  • Céim bheag a thógáil má bhaineann an ráiteas lena gcarachtar go pointe.
  • Fanacht san áit ina bhfuil siad mura mbaineann an ráiteas lena gcarachtar in aon chor.
  1. Bí an-soiléir leo nach rás é seo!!!! An rud is tábhachtaí ná go smaoiníonn siad faoi na ráitis – agus go ngníomhaíonn siad bunaithe ar ról an charachtair atá á ghlacadh acu.
  2. Tá bileog leis na ráitis go léir thíos. Tabhair am tar éis gach ceann a léamh ionas gur féidir leis na daltaí a machnamh a dhéanamh orthu.
  3. Nuair atá gach ráiteas léite, iarr orthu fanacht ina seasamh san áit ina bhfuil siad.
  4. Ceistigh iad faoi na ráitis is mó a spreag iad le bogadh. Céard iad na cinn is mó, dar leo, a bhain leo? Céard iad na cinn, dar leo, nár bhain leo?
  5. Féach an bhfuil daoine leis na cártaí céanna in áiteanna difriúla? Ceistigh iad faoin gcúis ar bhog, nó nár bhog siad.
  6. Déan forbairt ar an bplé. Céard atá foghlamtha faoi na riachtanais/mianta a bhíonn ag daoine ag céimeanna difriúla den saol?

Plé & Machnamh

Chaitheamar súil ar chásanna éagsúla sa mhéid thuas agus d’fhiosraíomar an difríocht idir riachtanas agus mian. Bain leas as na ceisteanna thíos chun machnamh a dhéanamh ar an méid atá foghlamtha agat sa roinn seo.

  • Déan idirdhealú idir riachtanais agus mianta agus tabhair samplaí dóibh.
  • Cén tosca a imríonn tionchar ar riachtanais agus mianta?
  • Cén tslí a imríonn céimeanna den saolré tionchar ar riachtanais agus mianta?
  • Cén fáth go bhfuil cinnteoireacht tábhachtach?

Haven’t found what you're looking for?