Roinn 4 – Ag Cruthú Buiséid

Toradh Foghlama

2.13 scileanna i dtuiscint airgeadais a chur i bhfeidhm chun buiséad a ullmhú agus a mheas don mhaireachtáil neamhspleách

Ag Nascadh Torthaí Foghlama



Réamhrá

Díreofar ar chúrsaí buiséid san roinn seo. Caithfear súil ar na bealaí gur féidir buiséid a réiteach agus a mheas don mhaireachtáil neamhspleách.

Réamhfhoghlaim

Ba chóir go mbeadh tuiscint ag scoláirí ar riachtanais agus mianta (féach roinn 1), na foinsí éagsúla ioncaim atá ar fáil dóibh mar dhuine aonair agus mar theaghlach (féach roinn 2) agus conas mar a gcaitheann duine aonair agus teaghlaigh ioncaim (féach roinn 3).

Príomhfhoghlaim

  • Céard é buiséad?
  • Na bealaí éagsúla gur féidir tabhairt faoi bhuiséadú a aithint.
  • An tábhacht a bhaineann le buiséadú a thuiscint.
  • An luach a bhaineann le buiséadú don mhaireachtáil neamhspleách a fhiosrú.
  • Buiséad a réiteach – formáid agus leagan amach san áireamh.
  • Buiséad a mheas.

Cad é buiséad?

Pléigh leis an rang, cén tuiscint atá acu ar an bhfocal ‘buiséad’.

Níl i mbuiséad ach plean airgeadais (ioncam agus caiteachais) don am atá le teacht. Cabhraíonn buiséad lenár gcuid riachtanais agus mianta a shásamh.

Ar chuala sibh an focal ‘buiséad’ riamh cheana?

Más ea, cén comhthéacs? (m.sh. buiséad an rialtais, buiséad teaghlaigh srl.)

Is féidir buiséad a dhéanamh amach go seachtainiúil; nó go míosúil agus cabhraíonn sé linn sábháil d’ócáidí speisialta m.sh laethanta saoire agus araile.

An ndearna duine ar bith sa rang plean riamh faoi conas a gcuid airgid a shábháil nó a chaitheamh, i.e. le bronntanais Nollag a cheannach nó le haghaidh saoire?

Gníomhaíocht 1: Cad é buiséad?

Sa ghníomhaíocht seo foghlaimeoidh scoláirí faoi céard is buiséad ann agus an tábhacht a bhaineann le buiséad a ullmhú.

Treoracha:

Smaoinigh–Péireáil–Roinn

  1. Mínigh don rang go bhfuil siad chun gníomhaíocht a dhéanamh ina ndéanfaidh siad machnamh agus plé ar a dtuiscint ar an bhfocal ‘buiséad’.
  2. Tabhair amach ceann de na bileoga oibre thíos do gach scoláire agus iarr orthu é a chomhlánú ina n-aonar. Cuir na ceisteanna seo a leanas ar na scoláirí;
    • Ar chuala sibh an focal ‘buiséad’ riamh cheana?
    • Más ea, cén comhthéacs? (m.sh. buiséad an rialtais, buiséad teaghlaigh srl.)
    • An ndearna duine ar bith sa rang plean riamh faoi conas a gcuid airgid a shábháil nó a chaitheamh, i.e. le bronntanais Nollag a cheannach nó le haghaidh saoire?
  3. Déan plé ar na buiséid go léir (Buiséid phearsanta, buiséid teaghlaigh, buiséid ghnó, buiséid rialtais) agus mínigh an tábhacht a bhaineann le buiséad a chur le chéile:
    • Ag coinneáil súil ar gach rud atá ag teacht isteach (ioncam) agus ag dul amach (caiteachas)
    • Pleanáil conas a chaitear airgead
    • A bheith níos stuama le hairgead agus in ann patrúin a dhéanamh amach agus iad a úsáid chun pleanáil a dhéanamh don todhchaí.
    • Smacht a choinneáil ar chaiteachas
  4. I mbeirteanna, iarr ar scoláirí a gcuid oibre a chur i gcomparáid agus cinneadh a dhéanamh ar na freagraí is fearr do gach ceann de na boscaí ar a mbileoga oibre comhlánaithe.

Bileog Oibre: Cad é buiséad?

Déan plé ar an mbileog oibre leis an rang agus déan taifead do fhreagraí na scoláirí ar an gclár bán. Tabhair aiseolas dóibh.

Cén fáth go bhfuil buiséadú tábhachtach?

Mínigh gur bealach é buiséad (buiséid phearsanta, buiséid theaghlaigh, buiséid ghnó agus buiséid rialtais san áireamh) chun:

  • monatóireacht a dhéanamh ar airgead atá ag teacht isteach agus ag dul amach
  • caiteachas a phleanáil
  • tuiscint a fhorbairt ar airgead agus cá dtéann sé, chun pleanáil don todhchaí a éascú
  • caiteachas a bhainistiú chun tobcheannach a sheachaint
  • scileanna litearthachta airgeadais a fhorbairt don mhaireachtáil neamhspleách

Cén fáth gur gá dom buiséad a chur le chéile?

D’fhéadfaí buiséad a chur le chéile i mbealaí éagsúla ach leis an eolas céanna ann: ioncam (rialta agus neamhrialta) agus caiteachas (seasta, neamhrialta agus lánroghnach).

Tá sé tábhachtach cinneadh a dhéanamh an bhfuil tú chun buiséad seachtainiúil nó míosúil a réiteach. Mar shampla, sa bhféilire pleanála don bhuiséad, is féidir d’ioncam agus caiteachas a chur isteach ar bhonn seachtaine, coicíse nó míosa – toisc nó n-íoctar daoine ag amanna éagsúla agus go n-íocann siad a mbillí ag amanna éagsúla freisin.

Gníomhaíocht 2: Buiséad

Féach ar an bhfíseán seo ón gcéad chlár sa tsraith teilifíse urraithe ag CICT ‘How to be Good with Money’.

Ceisteanna:

  1. Conas go bhféadfadh plean seachtainiúil le haghaidh earraí grósaeireachta cabhrú le buiséad teaghlaigh?
  2. I do thuairim, an gcabhródh plean béile seachtainiúil agus liosta siopadóireachta le buiséadú an tomhaltóra?
  3. Tabhair moladh amháin do na tomhaltóirí sa bhfíseán a gcabhródh leo a bheith níos stuama le hairgead

Measúnú Féideartha: Cruthaigh Buiséid, Alex Weldon

Cás staidéar; Alex

Cabhróidh an ghníomhaíocht seo le daltaí chun buiséad a chruthú agus tuiscint a fhorbairt ar conas gur féidir leo caiteachas a phleanáil chun sprioc airgeadais a bhaint amach.

Nuair atá an ghníomhaíocht seo críochnaithe tabhair aiseolas trí phlé ranga a éascú chun freagraí na ndaltaí a aithint agus na tosca a d’imir tionchar ar a gcinntí a mheas.

Leagan amach agus formáidí buiséid a iniúchadh

Seo thíos dhá shampla de na cineálacha cur chuige éagsúla is féidir a úsáid agus iad ag buiséadú.

Bileog Oibre: Scarbhileog

&

Bileog Oibre: clúdach litreach

Conas buiséad a mheas

Nuair atá buiséad á mheas ag deireadh seachtaine nó míosa, cíortar é le fiosrú:

  • Ar fhan tú leis an mbuiséad a leagadh amach – an raibh an iomarca nó a dhóthain
  • An raibh easnamh sa bhuiséad – is é sin an raibh níos mó caiteachais ná ioncaim ná mar a bhí sa phlean agat. Seans go mbeadh ort seo a choimeád san áireamh amach anseo, más féidir.
  • An raibh barrachas sa bhuiséad agat – is é sin an raibh níos lú caiteachais ná ioncam ná mar a bhí sa phlean agat. Seans go bhféadfaí an t-airgead seo a choigilt amach anseo.

Nuair atá buiséad á réiteach, tá sé tábhachtach a aithint go mbíonn níos mó caiteachais i míonna éagsúla ná a chéile – árachas cairr agus araile – agus go gcabhraíonn sé más féidir seo a choimeád san áireamh le cinntiú gur féidir leat do riachtanais a shásamh.

Gníomhaíocht 3: Buiséad a ullmhú agus a mheas maidir le maireachtáil neamhspleách

Bileog Oibre: Rólchártaí

Bileog Oibre: Buiséad bán

Bainfear leas as na cártaí ón gCluiche Ollchéimeanna sa ghníomhaíocht seo. Ba cheart go mbeadh taithí ag na daltaí leo ó Roinn 2, Ioncam agus Acmhainní, agus Roinn 3, Caiteachas chun ioncam agus caiteachas gach duine a mhiondealú. Cabhraíonn seo le daltaí a dtuiscint ar ioncam agus costais a fhorbairt.

Seans gur fearr le daltaí cárta go bhfuil taithí acu air a úsáid sa ghníomhaíocht seo.

Treoracha

Smaoinigh-Péireáil-Roinn:

  1. Tabhair buiséad folamh do na daltaí, nó d’fhéadfaí plean buiséid an CCPC a úsáid ach oiread, agus líon isteach na figiúirí sna colúin éagsúla, (ní bhainfidh gach catagóir leo nó ní bheidh cur amach acu orthu, ach tabharfaidh sé tuiscint sa bhreis dóibh ar cineálacha caiteachais éagsúla) ríomh na tátail agus críochnaigh an buiséad.
  2. Freagair na ceisteanna seo chun an buiséad atá ullmhaithe acu a mheas:
    • An bhfuil sé ag cloí leis an mbuiséad?
    • An bhfuil barrachas sa bhuiséad? Is é sin an bhfuil airgead sa bhreis fágtha?
    • Má bhíonn airgead breis fágtha, céard gur féidir a dheanamh leis?
    • An bhfuil easnamh? Is é sin an bhfuil caiteachas níos airde ná ioncam? Céard gur féidir a dhéanamh chun caiteachas a laghdú?
    • Déan athbhreithniú ar an gcaiteachas – an gcaitear níos mó ar riachtanais nó mianta?
    • An bhfuil aon choigilteas san áireamh sa bhuiséad?
    • Cén comhairle airgeadais a thabharfá don duine gur ullmhaigh tú buiséad dóibh?

Ceisteanna Breise

  • Malartaigh na buiséid atá réitithe agus déan iad a mheas.
  • Bain triail as leaganacha éagsúla agus plé na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leo.

Plé & Machnamh

Bhreathnaíomar ar bhuiséadú don duine aonair sna gníomhaíochtaí thuas agus rinneamar anailís ar eolas agus chuireamar le chéile é i bhformáidí éagsúla. Céard a chuir ionadh ort faoi bhuiséad a réiteach? Conas mar a gcabhraíonn buiséad agus plean caiteachais chun tobcheannach a sheachaint? Conas mar a gcabhraíonn buiséadú chun scileanna litearthachta airgeadais a fhorbairt don mhaireachtáil neamhspleách?

Réitíomar buiséad folamh freisin, ag baint úsáide as acmhainní an CCPC. Céard é an rud ba dheacra faoin mbuiséad seo a líonadh? Cén luach atá le buiséadú? Déan cur síos ar bhuiséad maith.

Haven’t found what you're looking for?