Aonad 11 – Árachas
Baineann na ceachtanna san aonad seo, mar aon leis na hacmhainní a bhaineann leo, leis an ráiteas seo a leanas ón tSonraíocht.
Ráiteas 1.6
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire cineálacha cuí árachais a shainaithint le haghaidh riachtanais phearsanta ar leith agus costais, tairbhí agus rioscaí a mheas.
Ceacht 1
Réamhrá:
Déanfar plé ginearálta sa cheacht seo ar roinnt de na gnéithe bunúsacha a bhaineann le ceist an árachais.
Gníomhaíocht:
- Fiosraigh ón rang cad é atá ar eolas acu faoi árachas.
- Cuir i ngrúpaí beaga iad agus iarr orthu liosta a dhéanamh de na hearraí/ócáidí go bhfaigheann daoine árachas ina leith.
- Iarr orthu na hearraí/ócáidí seo a chur i rannóga/catagóirí sonracha – más féidir.
- Déan plé ar an bhfocal riosca – agus léirigh an nasc idir riosca agus árachas.
- Déan plé ansin ar na catagóirí árachais atá riachtanach – agus na catagóirí árachais atá roghnach.
- Fiosraigh leo an dtuigeann siad an chúis leis seo.
- Bain leas as an leathanach thíos chun na ceisteanna seo a fhorbairt tuilleadh.
- D’fhéadfaí an rang a roinnt i ngrúpaí beaga agus d’fhéadfadh gach grúpa rannóg faoi leith a fhiosrú tuilleadh.
- Tá tuilleadh eolais faoi na rannóga difriúla anseo: https://www.ccpc.ie/consumers/money/insurance/
Ceacht 1 ( Árachas)
Ceacht 2
Réamhrá:
Fiosrófar cás-staidéar sa cheacht seo, a bhreathnaíonn ar cheist an riosca, mar aon leis na bealaí gur féidir le hárachas muid a chosaint ó na rioscaí céanna.
Gníomhaíocht:
- Fiosraigh ón rang an bhfuil aon chur amach nó tuiscint acu ar árachas ghiuirléide (gadget insurance) nó an mbeadh aon tuairim acu cén earraí a bheadh oiriúnach don árachas seo?
- Nuair atá tuiscint an ranga forbartha, mínigh dóibh go bhfuil siad chun comhairle a thabhairt do dhuine éigin a scríobh ríomhphost chucu ag lorg cabhrach.
- Tá an duine seo tar éis ríomhaire glúine a cheannach dá mac agus tá sí ag fiosrú an ceart di árachas a fháil.
- Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus tabhair cóip den bhileog oibre thíos dóibh.
- Iarr orthu an ríomhphost a léamh agus freagra a chumadh agus a scríobh.
- Treoraigh iad go dtí an suíomh seo, más féidir. Tá comhairle chuimsitheach ar fáil ann: https://www.ccpc.ie/consumers/money/insurance/gadget-insurance/
- Faigh aiseolas agus freagraí samplacha ó ghrúpaí éagsúla. Iarr orthu a bhfreagraí a léamh don rang.
- Taispeáin leathanach an mhúinteora thíos dóibh. Téigh trí na moltaí. Féach an dtagann aon rud nach raibh clúdaithe ag na daltaí chun cinn.
Ceacht 2 (Árachas Giuirléide)
Ceacht 2 (Múinteoir)
Ceacht 3
Réamhrá:
Fiosrófar cás-staidéar eile sa cheacht seo, a bhreathnaíonn ar cheist an riosca, mar aon leis na bealaí gur féidir le hárachas muid a chosaint ó na rioscaí céanna. Beidh ar na daltaí taighde a dhéanamh le tabhairt faoi.
Gníomhaíocht:
- Cuir in iúl don rang go bhfuil siad tar éis ríomhphost a fháil ó chailín darb ainm Lucy, a chuala go bhfuil cúrsaí árachais á bplé acu ar scoil agus go bhfuil comhairle uaithi.
- Abair leo an ríomhphost uaithi a léamh agus taighde a dhéanamh ionas go mbeidh siad in ann freagra a chur ar ais.
- Beidh orthu taighde a dhéanamh ar árachas taistil agus árachas iltaistil.
- Treoraigh iad go dtí an suíomh seo mar thúsphointe: https://www.ccpc.ie/consumers/money/insurance/travel-insurance
- Roinn an rang i ngrúpaí beaga le tabhairt faoi.
- Faigh aiseolas uathu agus iarr ar roinnt grúpaí a bhfreagraí a léamh don rang.
Ceacht 3 (Árachas Taistil)