Roinn 2 – Acmhainní agus Ioncam

Toradh Foghlama

2.10 scileanna cinnteoireachta tomhaltóra a chur i bhfeidhm chun acmhainní pearsanta agus teaghlaigh a láimhseáil don saol laethúil

 

2.13 scileanna i dtuiscint airgeadais a chur i bhfeidhm chun buiséad a ullmhú agus a mheas don mhaireachtáil neamhspleách

Ag Nascadh Torthaí Foghlama



Réamhrá

Leagtar béim ar acmhainní agus ioncam san aonad seo. Déanfar machnamh ar na hacmhainní pearsanta atá ar fáil ag na scoláirí, agus fiosrófar na roghanna a bhíonn le déanamh acu nuair is gá na hacmhainní seo a úsáid chun a riachtanais agus mianta a shásamh. Tuigtear go mbíonn costas i gceist le rogha.

Aithneofar foinsí ioncaim éagsúla agus rangófar na foinsí seo i gcatagóirí difriúla, a ullmhóidh na scoláirí don chéad aonad eile atá dírithe ar bhuiséid.

Réamhfhoghlaim

Ba cheart go mbeadh tuiscint ag daltaí ar riachtanais agus mianta, an difríocht eatarthu, mar aon leis na scileanna cinnteoireachta atá ag teastáil chun an leas is fearr a bhaint as a n-acmhainní.

Príomhfhoghlaim

  • Acmhainn a aithint.
  • Cineálacha acmhainní pearsanta a aithint: am, airgead, scileanna agus araile.
  • Ganntanas agus teorainn acmhainní a thuiscint.
  • Tuiscint a fhorbairt ar cad is sprioc ann; agus gur gá roghanna a dheanamh chun sprioc a bhaint amach.
  • Scileanna cinnteoireachta a fhorbairt agus an próiseas cinnteoireachta a thuiscint.
  • Foinsí ioncaim a aithint.
  • Idirdhealú idir ioncam rialta agus ioncam neamhrialta.
  • Ioncam rialta agus neamhrialta a rangú.

Acmhainní

Cuir tús le plé dírithe ar an bhfocal ‘acmhainn’. Éascaigh plé ranga chun tuiscint a fhorbairt ar an mbrí atá leis an bhfocal ‘acmhainn’ agus tabhair sainmhíniú más gá, i.e. acmhainn ná rud éigin a chabhraíonn leat sprioc a baint amach.

Samplaí d’acmhainní pearsanta ná airgead, am, fuinneamh, scileanna agus araile.

Nuair a bhíonn acmhainní gann, caithfear cinntí a thógáil chun iad a bhainistiú i gceart. Déan plé ar na cúiseanna agus na bealaí go mbíonn acmhainní gann.

Meabhraigh don rang go mbíonn níos mó ná achmhainní airgeadais ar fáil dóibh, ach go mbíonn leithéidí am agus scileanna san áireamh. Mar shampla, dá mbeadh post ag teastáil uathu, an mbeadh taithí agus scileanna riachtanach chun ceann a fháil?

Gníomhaíocht 1: Am mar acmhainn

Bileog oibre: Am mar acmhainn

Treoracha

  1. Tosaigh plé faoi na rudaí go léir a dhéanann na daltaí i rith an lae – agus an t-am a chaitheann siad ar ghníomhaíochtaí éagsúla.
  2. Roinn cóip den bhileog oibre thíos orthu agus iarr orthu é a scáthlíniú.
  3. Nuair atá seo déanta, fiosraigh na bealaí go léir a bhfuil a gcuid laethanta roinnte. Cad iad na gníomhaíochtaí is mó a gcaitheann siad am leo?
  4. Fiosraigh an bhfuil bealaí níos fearr ar fáil dóibh? An bhféadfadh siad leas níos fearr a úsáid as a gcuid ama mar acmhainn?

Gníomhaíocht 2: Spriocanna a Iniúchadh

Féach ar an bhfíseán thíos, atá tógtha ón gclár teilifíse “How to be good with Money”. Ansin déan plé ar na ceisteanna faoina bhun.

  1. Cad is sprioc ann?
  2. Cad iad na spriocanna atá ag Rachel?
  3. Conas mar a éireoidh léi a sprioc ghearrthéarma a bhaint amach?

 

Gníomhaíocht 3: Scileanna Cinnteoireachta

Cás Staidéar: Máire

Cabhróidh an ceacht seo le scoláirí na hacmhainní éagsúla atá ar fáil dóibh a aithint, mar aon leis an mbealach gur féidir scileanna cinnteoireachta a úsáid nuair atá acmhainní á n-úsáid chun riachtanais agus mianta a shásamh.

Treoracha:

  1. Dáil cóip den chás-staidéar thíos ar na scoláirí go léir.
  2. Léigh tríd agus iarr ar na daltaí idirdhealú a dhéanamh idir na hacmhainní éagsúla atá ar fáil ag Máire – mar shampla am agus ioncam.
  3. Déan plé ar na roghanna a bheidh le déanamh ag Máire chun roinnt dá spriocanna a bhaint amach.
  4. Iarr ar na daltaí an crann cinnteoireachta a líonadh isteach – ag tosú ón mbun.
  5. Déan plé mar rang ar na buntáistí/míbhuntáistí difriúla atá tagtha chun cinn.
  6. Cuir am ar leataobh ionas gur féidir leis na daltaí a spriocanna féin a aithint – agus na hacmhainní atá ar fáil dóibh ina leith.
  7. Féach siar ar an mbileog a líonadh, ’Am mar acmhainn’ le fiosrú an bhfuil a gcuid ama á úsáid mar is ceart chun na spriocanna atá acu a bhaint amach.

Ioncam

Is airgead é ioncam a fhaigheann duine – bíodh sin ioncam rialta nó neamhrialta.

Ioncam rialta ná ioncam a fhaightear ar bhonn leanúnach gach seachtain nó gach mí, gur féidir brath air. Mar shampla: tuarastal agus pá, pinsean, íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Ioncam neamhrialta ná ioncam a fhaightear ó am go ham agus ní féidir brath air. Mar shampla: bronntanas, bónas, ús ar choigilteas.

Gníomhaíocht 4: Foinsí ioncaim do scoláirí a iniúchadh

Seo gníomhaíocht chun cabhrú le scoláirí foinsí éagsúla a aithint.

Treoracha:

  1. Mínigh don rang go mbeidh siad ag smaoineamh faoi na foinsí éagsúla ioncaim a bhíonn acu. Nó i bhfocail eile, cad as a dtagann an t-airgead a fhaigheann siad?
  2. Roinn an rang i ngrúpaí beaga.
  3. Iarr orthu an cheist seo a phlé: “Cad as a dtagann an t-airgead a bhíonn ag daoine óga”?
  4. Roinn leathanach bán leo agus iarr orthu a dtuairimí a bhreacadh síos i liosta.
  5. Ansin, nuair atá liosta déanta, iarr orthu an t-eolas seo a chur le chéile i gcairt oiriúnach – d’fhéadfaí píchairt nó barrachairt a úsáid.
  6. Iarr ar na grúpaí éagsúla a gcairteacha a thaispeáint agus a chur i láthair don rang.

Ag brath ar an rang, b’fhéidir go mbeadh na foinsí ioncaim seo acu: tuismitheoirí, gaolta, post páirtaimseartha, bronntanais, airgead póca, feidhlíocht leanaí, lomaireacht nó dioscaireachtaí eile.

Seans gur fiú plé a dheánamh ar fhoinsí ioncaim eile cosúil le cluichíocht ar líne, blagáil, urraíocht sna meáin shóisialta, cuntas YouTube. D’fhéadfaí roinnt de na míbhuntáistí a bhaineann leo seo a phlé freisin.

Fionsí Ioncaim

Éascaigh plé ranga chun foinsí ioncaim éagsúla a aithint. Mar shampla: pá agus tuarastal, pinsin, íocaíochtaí leasa shóisialaigh, liúntais teaghlaigh, sochar linbh, liúntas tacaíochta ioncaim.

Fiosraigh foinsí ioncaim eile a fhaigheann daoine: ioncam ó chíos mar thiarna talún, brabús mar dhuine féinfhostaithe agus araile.

Gníomhaíocht 5: Foinsí éagsúla ioncaim a iniúchadh

Baintear leas sa ghníomhaíocht seo as na cártaí a úsáideadh sa cluiche Ollchéimeanna.

Sa gníomhaíocht seo, féachaimid ar na foinsí éagsúla ioncaim a fhéadadh na carachtair a fháil.

Smaoinigh-péireáil-roinn

  1. Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus tabhair próifíl amháin in aghaidh an ghrúpa dóibh.
  2. Iarr orthu machnamh a dhéanamh ar an bpróifíl sin agus na foinsí ioncaim a d’fhéadfadh a bheith acu a bhreacadh sos.
  3. D’fhéadfaí foinsí éagsúla a fhiosrú ina leith, dá mbeadh fáil orthu.

Plé ranga: Éascaigh plé ar na cineálacha ioncaim atá ar fáil, bunaithe ar thorthaí an taighde atá déanta ag na daltaí.

Asbhaintí Ioncaim

Déanfar plé ar asbhaintí sa cheacht seo, a fhorbróidh tuiscint na ndaltaí ar ioncam comhlán agus ioncam glan.

Treoracha

  1. Déan plé ar ioncam – ioncam comhlán, ioncam glan. Fiosraigh an difríocht leis na daltaí.
  2. Luaigh na téarmaí seo a leanas leo: asbhaintí, asbhaintí saorálacha, asbhaintí reachtúla – cáin, PAYE, PRSI, USC agus araile.
  3. Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí.
  4. Iarr orthu an duillín pá a scrúdú, comparáid a dhéanamh idir an pá comhlán agus glanphá agus an bhileog a líonadh.

Bileog Oibre: Duillín Pá

Measúnú Féideartha: Bainistiú ioncaim

Treoracha:

  1. Roinn an rang i ngrúpaí beaga.
  2. Féach ar an bhfíseán thíos agus iarr orthu na ceisteanna seo a leanas a phlé:
    • Cad iad na cineálacha ioncaim a luaitear san fhíseán?
    • An cur chuige maith é, i do thuairim, go mbeadh duine amháin i gceannas ar chúrsaí airgeadais an teaghlaigh?
    • Tabhair moladh airgeadais amháin dóibh siúd san fhíseán – a chabhródh leo a n-acmhainní airgeadais a bhainistiú níos fearr.

 

Plé agus Machnamh

D’aithníomar foinsí ioncaim a bheadh ar fáil do dhaoine óga sa roinn seo. Chaitheamar súil ar chásanna éagsúla agus d’fhiosraíomar cineálacha ioncaim a bheadh ar fáil ina leith. Chuireamar lenár scileanna litearthachta airgeadais freisin, tríd an stór focal a bhaineann le hábhar a fhorbairt.

An bhfuil aon rud a chuir ionadh ort faoi na foinsí ioncaim atá ar fáil?

Conas mar a bhraitheann tú faoi na roghanna atá le déanamh agat nuair atá d’acmhainní á n-úsáid agat chun do riachtanais agus mianta a shásamh?

Haven’t found what you're looking for?