Aonad 1 – Riachtanais agus Mianta
Baineann na ceachtanna san aonad seo, mar aon leis na hacmhainní go léir a bhaineann leo, leis na ráitis seo a leanas ón tSonraíocht.
Ráiteas 1.1
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní pearsanta atá ar fáil dó chun freastal ar a chuid riachtanas agus mianta agus anailís a dhéanamh ar an méid a imríonn sásamh na riachtanas agus na n-éileamh sin tionchar ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí.
Ráiteas 3.1
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire míniú a thabhairt ar an gcaoi a gcaithfidh daoine aonair roghanna a dhéanamh mar gheall ar easpa acmhainní eacnamaíocha; torthaí féideartha na roghanna sin a thuar.
Ceacht 1
Réamhrá:
Tosaigh le plé ar an téarma ‘cinnteoireacht’ – a chlúdaíonn na fachtóirí agus an próiseas a bhaineann leis. Déan plé leis an rang faoi na cinntí laethúla a thógann siad – Cén lón a thógfaidh/cheannóidh siad? Cé na héadaí a chaithfidh siad? Cén obair bhaile a dhéanfaidh siad ar dtús?
Fiosraigh na gnéithe a imríonn tionchar ar na cinntí seo – céard iad agus conas a théann siad i bhfeidhm orainn?
Déan nasc le riachtanais, mianta agus acmhainní – agus léirigh go n-imríonn siad an-tionchar ar ár gcinntí. Más mian linn an leas is fearr a bhaint as ár n-acmhainní chun ár riachtanais agus mianta a shásamh, ní mór dúinn cinntí eolacha a dhéanamh.
Gníomhaíocht:
Féach ar an bhfíseán thíos agus déan plé ar na ceisteanna a ardaítear lena linn.
Ceacht 2
Réamhrá:
Gach lá, caithfimid roghanna a dhéanamh idir na rudaí atá riachtanach dúinn agus na rudaí gur mian linn, ach nach bhfuil riachtanach. Is minic go mbraitheann na roghanna seo ar an méid airgid atá againn.
Nuair atá airgead gann, tá sé tábhachtach go bhfuil an difríocht idir riachtanais agus mianta ar eolas againn. Sna gníomhaíochtaí thíos, iarrtar orainn machnamh a dhéanamh ar an gceist seo, ionas gur féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir riachtanais agus mianta.
Gníomhaíocht 1: (Ag forbairt Tuisceana)
- Abair leis an rang go mbeidh na difríochtaí idir riachtanais agus mianta á bplé acu.
- Abair leo gur rogha phearsanta í cad atá riachtanach dóibh – agus nach bhfuil aon fhreagra mícheart dá bharr.
- Cuir an rang ag obair i mbeirteanna.
- Iarr orthu trí abairt a chur le chéile ag tosú le: ‘Tá ……… mar riachtanas dom mar……’
- Ansin iarr orthu trí abairt a chur le chéile ag tosú le : ‘Tá ……… mar mhian dom mar……’
- Faigh aiseolas uathu agus breac síos é seo ar an gclár bán.
- Tabhair faoi deara an bhfuil aon rud atá mar riachtanas ag dalta(í) áirithe atá mar mhian ag dalta(í) eile. Déan na roghanna seo a phlé.
- Críochnaigh leis an gceist oscailte seo: “Cé atá freagrach as riachtanais a chur ar fáil daoibh?”
- D’fhéadfaí ‘Díospóireacht Siúil’ a fhorbairt ón bplé seo – (Meabhraigh dóibh faoi ról an Rialtais, ról na scoile agus araile.)
Gníomhaíocht 2: (Bileog Oibre)
Tá treoir ar an mbileog oibre thíos a éascóidh tuilleadh machnaimh ar na ceisteanna seo. Iarr ar dhaltaí iad a chríochnú ina n-aonar ar dtús báire – ach ansin iad a phlé i mbeirteanna agus mar rang ina dhiaidh sin.
Ceacht 3
Réamhrá:
Is cuma cén áit ar an aistear saoil a mbímid, tarlaíonn imeachtaí suntasacha a imríonn an-tionchar orainn. Bímid ag súil le roinnt de na himeachtaí seo, ach ní bhímid ag súil le roinnt eile.
Sa cheacht seo iarrtar orainn machnamh a dhéanamh ar roinnt de himeachtaí móra a tharlaíonn i gcaitheamh an tsaoil. Ag eascairt ón méid seo, iarrtar orainn machnamh breise a dhéanamh ar na riachtanais agus mianta a bhíonn againn i gcomhthéacs na n-imeachtaí seo.
Gníomhaíocht 1:
- Abair leis an rang go bhfuil siad chun machnamh a dhéanamh ar na himeachtaí éagsúla a tharlóidh dóibh de réir mar a théann siad in aois – coláiste, taisteal, post, carr, pósadh, teach, páistí agus araile.
- Roinn an rang i ngrúpaí beaga (2/3/4) le tabhairt faoin ngníomhaíocht.
- Tabhair cóip den bhileog oibre dóibh. Is leor bileog amháin in aghaidh an ghrúpa.
- Iarr orthu machnamh a dhéanamh ar na himeachtaí difriúla a tharlóidh dóibh de réir mar a théann siad in aois. Iarr orthu na himeachtaí seo a bhreacadh síos sa chiorcal leis an réimse aoise is oiriúnaí, dar leo.
- Tabhair thart ar 10 nóiméad dóibh an bhileog oibre seo a líonadh. Tabhair tuilleadh ama más gá.
- Lorg aiseolas uathu – agus cruthaigh amlíne ar an gclár bán atá bunaithe air. D’fhéadfadh na daltaí féin é seo a fhorbairt.
- Cuir an cheist oscailte seo orthu: “An mbíonn riachtanais agus mianta difriúla againn ag na céimeanna éagsúla?”
- Lig leo an cheist seo a phlé lena chéile – agus ansin mar rang.
Forbairt:
- Cén tionchar a imríonn na himeachtaí is mó ar ár riachtanais airgeadais go sonrach? An mbeidh tuilleadh airgid ag teastáil uainn ag céimeanna áirithe, agus an mbeidh níos lú ag teastáil ag céimeanna eile?
- Cad iad na roghanna atá ar fáil má tá tuilleadh airgid ag teastáil? Fiosraigh na foinsí difriúla.
Obair bhaile:
- Fiosraigh na leathanaigh atá ar fáil ag an nasc seo: https://www.ccpc.ie/consumers/money/budgeting/life-stages/
- Roghnaigh céim amháin ón timthriall saoil agus freagair na ceisteanna seo:
- Céard atá foghlamtha agat faoin gcéim seo?
- Cad é an dá rud is tábhachtaí le déanamh ag an gcéim seo?
- Cén chomhairle is fearr a d’aimsigh tú faoi airgead a shábháil ag an gcéim seo?
Ceacht 4
Féach ar an bhfíseán thíos, atá tógtha ón gclár teilifíse “How to be good with Money”. Ansin déan plé ar na ceisteanna faoina bhun.
- Cén sainmhíniú a thabharfá ar ‘riachtanas’ agus ‘mian’?
- An gcaitheann Rachel a hairgead ar riachtanais nó ar mhianta?
- Céard a tharlaíonn nuair a chaitheann tú an t-airgead go léir a fhaigheann tú, seachas roinnt de a shábháil?
- Déan cur síos ar roinnt de na roghanna a rinne Rachel? Cén fáth a raibh uirthi iad a dhéanamh?
- Da mbeifeá sa chás céanna, an ndéanfá an rud céanna? Cén fáth a ndéanfá? Cén fáth nach ndéanfá? Tabhair cúis.
- An raibh deischostas (Opportunity Cost) i gceist i gcás Rachel? Nó i bhfocail eile, ar chaill sí amach ar rud a bhí uaithi toisc na roghanna a rinne sí?
Ceacht 5
Roinn an cás-staidéar atá ar an mbileog thíos agus iarr ar na daltaí é a léamh ina n-aonar. Nuair atá sé léite acu, iarr orthu na ceisteanna seo thíos a ionramháil agus a phlé i ngrúpaí beaga.
- Déan liosta de na riachtanais agus mianta a bhí ag Seán, mar atá siad luaite sa sliocht.
- An aontaíonn tú leis na tosaíochta a bhí aige?
- Cén moladh a thabharfá dó le go mbeadh sé in ann airgead a shábháil?
- An bhfuil aon treoir nó moltaí eile agat a chabhródh le Seán cúrsaí airgid a bhainistiú níos fearr?
Ceacht 6
Réamhrá:
Bíonn riachtanais agus mianta éagsúla againn ag céimeanna difriúla den saol. Sa cheacht idirghníomhach seo, breathnóimid ar na cúinsí éagsúla a imríonn tionchar ar dhaoine ó thaobh airgid de, ag na céimeanna difriúla seo. (Bheadh halla, nó spás oscailte eile, an-chabhrach don ghníomhaíocht seo.)
Gníomhaíocht: (Rólghlacadh)
- Abair leis an rang go bhfuil siad chun rólghlacadh a dhéanamh chun a dtuiscint ar na riachtanais agus na mianta a bhíonn ag daoine éagsúla ag céimeanna difriúla den saol a fhorbairt.
- ‘Ollchéimeanna’ (Nó ‘Giant Steps’) a thugtar ar an ngníomhaíocht seo. Seans go bhfuil taithí ag roinnt daltaí ar a leithéid cheana.
- Inis dóibh go mbeidh gach duine ag fáil cárta gur gá dóibh a léamh. Déanann na cártaí seo cur síos bunúsach ar charachtar faoi leith. (Tá seacht gcárta ar an iomlán ar fáil. Mar sin, seans go mbeidh 3/4 leis an gcárta céanna.) Tá na carachtair ar fáil ar an mbileog thíos.
- Is féidir leo tréithe na gcarachtar a fhorbairt a thuilleadh más mian leo. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh siad in ann rólghlacadh a dhéanamh, bunaithe ar na tréithe seo.
- Nuair atá siad compordach lena gcarachtair, iarr orthu seasamh i líne ag bun an ranga. Abair leo go mbeidh deich ráiteas á leamh agat agus go mbeidh siad ag bogadh ar an mbonn seo:
- Ollchéim a thógáil má bhaineann an ráiteas lena gcarachtar go hiomlán.
- Céim bheag a thógáil má bhaineann an ráiteas lena gcarachtar go pointe.
- Fanacht san áit ina bhfuil siad mura mbaineann an ráiteas lena gcarachtar in aon chor.
- Bí an-soiléir leo nach rás é seo!!!! An rud is tábhachtaí ná go smaoiníonn siad faoi na ráitis – agus go ngníomhaíonn siad bunaithe ar ról an charachtair atá á ghlacadh acu.
- Tá bileog leis na ráitis go léir thíos. Tabhair am tar éis gach ceann a léamh ionas gur féidir leis na daltaí a machnamh a dhéanamh orthu.
- Nuair atá gach ráiteas léite, iarr orthu fanacht ina seasamh san áit ina bhfuil siad.
- Ceistigh iad faoi na ráitis is mó a spreag iad le bogadh. Céard iad na cinn is mó, dar leo, a bhain leo? Céard iad na cinn, dar leo, nár bhain leo?
- Féach an bhfuil daoine leis na cártaí céanna in áiteanna difriúla? Ceistigh iad faoin gcúis ar bhog, nó nár bhog siad.
- Déan forbairt ar an bplé. Céard atá foghlamtha faoi na riachtanais/mianta a bhíonn ag daoine ag céimeanna difriúla den saol?
Ceacht 6 Gníomhaíocht (Na Carachtair)
Ceacht 6 Gníomhaíocht (Na Ráitis)
Ceacht 7
Tabhair faoi deara go bhfuil an ceacht seo díreach mar an gcéanna le ceacht 6, seachas go bhfuil carachtair éagsúla i gceist.

Ceacht 7 Gníomhaíocht (Na Carachtair)
Ceacht 7 Gníomhaíocht (Na Ráitis)
Ábhair Airgid
- Staidéar Gnó
- Staidéar Gnó OneNote
- An tSonraíocht
- Aonad 1 – Riachtanais agus Mianta
- Aonad 2 – Acmhainní agus Ioncam
- Aonad 3 – An Timthriall Airgeadais
- Aonad 4 – Caiteachas
- Aonad 5 – Buiséid
- Aonad 6 – Seirbhísí Airgeadais
- Aonad 7 – Coigiltis
- Aonad 8 – Iasachtaí
- Aonad 9 – Freagrachtaí Tomhaltóirí
- Aonad 10 – Cearta Tomhaltóirí
- Aonad 11 – Árachas
- Eacnamaíocht Bhaile