Réamhrá:
Is éard atá i gceist le spriocanna airgid ná airgead ar mhaith leat a choigilt le haghaidh carr nua, laethanta saoire, bronntanais Nollag agus araile. Chun a chinntiú go sroicheann tú do sprioc airgid, ba chóir duit é a scríobh síos – mínigh an sprioc, cén uair is mian leat í a bhaint amach, cé mhéad a chosnóidh sí agus na rudaí a chaithfidh tú a dhéanamh chun í a bhaint amach.
Sa cheacht thíos, déanfaidh na scoláirí machnamh ar sprioc airgid amháin atá acu go sonrach. Déanfaidh siad machnamh ar cén uair a bheidís ag súil leis an sprioc seo a bhaint amach agus na céimeanna atá siad sásta a thógáil chun go n-éireoidh leo. Is féidir spriocanna airgid a aithint nuair a dhéanann daoine pleanáil agus sábháil.
Gníomhaíocht 1: (Ag forbairt tuisceana)
- Iarr ar scoláirí an bhileog oibre a chomhlíon siad a thógáil amach (Aonad 1: Riachtanas agus Mianta: Ceacht 2)
- Déan plé oscailte leis an rang iomlán agus na ceisteanna seo a leanas á n-úsáid agat mar leideanna:
- An raibh sé éasca a rá cé na míreanna a bhí ina ‘riachtanais’ agus cé na rudaí a bhí ina ‘mianta’? Mínigh do chuid freagraí.
- An raibh iontas ort faoi do chuid freagraí?
- An raibh níos mó agat ar thaobh na riachtanas nó na mianta?
- An gceapann tú gur gníomhaíocht úsáideach í seo? Cén fáth / Cén fáth nach bhfuil?
Mínigh don rang gur féidir le hiniúchadh den chineál seo cabhrú leat maidir le cén áit ar féidir leat gearradh siar ar chaiteachas nó coigilteas a dhéanamh sa todhchaí.
Gníomhaíocht 2: (Bileog Oibre)
- Mínigh don rang céard is sprioc airgid ann, sé sin airgead a chur i leataobh le haghaidh rudaí ar nós laethanta saoire, bronntanais Nollag, cluiche ríomhaire, fón póca nua agus araile.
- Abair leis an rang go bhfuil siad chun gníomhaíocht a dhéanamh a chabhróidh le gach duine smaoineamh níos soiléire a dhéanamh faoina spriocanna airgid. Iarr ar na scoláirí smaoineamh ar cheann dá spriocanna airgid – beidh orthu an sprioc a mhíniú, a rá cén uair is mian leo í a bhaint amach, cé mhéid a chosnóidh sí agus na rudaí a chaithfidh siad a dhéanamh chun í a bhaint amach.
- Tabhair cóip den bhileog oibre do gach scoláire.
- Cuir i gcuimhne dóibh smaoineamh ar sprioc airgid amháin agus an bhileog oibre á comhlíonadh acu.
- Nuair atá siad críochnaithe leis an mbileog oibre, roinn an rang ina mbeirteanna.
- Iarr ar na grúpaí plé a dhéanamh ar an gcúis go bhfuil sé go maith a gcuid spriocanna airgid a scríobh síos, seachas na smaointe a bheith ina gceann.
- Faigh aiseolas uathu agus scríobh a gcuid freagraí ar an gclár bán.
- Críochnaigh trí mhíniú don rang gur féidir roinnt spriocanna airgid a bhaint amach go tapa – is spriocanna gearrthéarmacha iad seo, cé gur spriocanna fadtéarmacha iad cinn eile agus go dtógfaidh sé 10 mbliana nó níos mó chun iad a bhaint amach.
Ceacht 1 Gníomhaíocht – Spriocanna
Ceacht 1 Gníomhaíocht (Leathanach an Mhúinteora)