Réamhrá:
Sa chéad cheacht den aonad seo, rinneadh machnamh ar na bealaí éagsúla a gcaitheann daoine óga agus a dteaghlaigh airgead. Ina theannta sin, fiosraíodh an tionchar a imríonn an caiteachas seo orthu féin agus ar a dteaghlaigh.
Sa dara ceacht, pléadh na cineálacha éagsúla caiteachais atá ann. Chomh maith leis sin, rinneadh idirdhealú idir caiteachas seasta, caiteachas neamhrialta agus caiteachas lánroghnach.
Sa cheacht seo breathnófar ar chás-staidéar a fhorbróidh tuiscint ar na bealaí éagsúla a gcaitheann daoine óga airgead – agus na bealaí ar féidir airgead a shábháil freisin.
Gníomhaíocht 1:
- Roinn an cás-staidéar, atá ar fáil ar an mbileog thíos, ar na daltaí.
- Léigh é mar rang – le cinntiú go dtuigeann gach dalta cad atá á rá.
- Roinn na daltaí i ngrúpaí beaga agus spreag iad le machnamh a dhéanamh ar na bealaí go léir ar chaith Rian airgead.
- Roinn cóip den bhileog oibre orthu.
- Iarr orthu taifead a dhéanamh de chaiteachas Rian ar an mbileog seo.
- Bíodh méid le gach mír, mar aon leis an iomlán ag an deireadh.
- Tá leagan samplach ar leathanach an mhúinteora thíos.
Ceacht 3 (Cás-Staidéar)
Ceacht 3 (Conas a ‘chaith’ Rian a sheachtain)
Ceacht 3 (Leathanach an Mhúinteora)
Gníomhaíocht 2: (Forbairt)
Breac na ceisteanna seo thíos ar an gclár bán agus iarr ar na daltaí iad a phlé sna grúpaí beaga:
- Cé mhéad airgead a chaith Rian ar an iomlán?
- An raibh barrachas nó easnamh i gceist?
- An gcaitheann Rian an tsuim chéanna gach seachtain?
- Cad iad na bealaí inar féidir le Rian airgead a shábháil?
- Céard a deir an cás-staidéar seo faoi na riachtanais agus na mianta atá ag Rian?
- An bhfuil sé tábhachtach nó cabhrach cuntas/dialann mar seo a choimeád?
- Céard atá le foghlaim ó chuntas/dialann mar seo?