Aonad 6 – Seirbhísí Airgeadais
Baineann na ceachtanna san aonad seo, mar aon leis na hacmhainní go léir a bhaineann leo, leis an ráiteas seo a leanas ón tSonraíocht.
Ráiteas 1.8
Ba cheart go mbeadh ar chumas an scoláire comparáid a dhéanamh idir na seirbhísí a sholáthraíonn gníomhaireachtaí do thomhaltóirí agus institiúidí airgeadais chun cabhrú agus chun tacú le custaiméirí.
Ceacht 1
Réamhrá:
Sa cheacht seo, foghlaimeofar faoi na seirbhísí agus cuntais éagsúla a chuireann institiúidí airgeadais ar fáil – is iad sin na cinn a chuireann na bainc, an Comhar Creidmheasa agus An Post. Feicfimid go bhfuil cineálacha cuntais éagsúla ar fáil, a chiallaíonn go bhfuil sé tábhachtach an rogha cheart a dhéanamh, a shásaíonn do riachtanais. Is áiseanna luachmhara iad na cuntais seo a chabhraíonn linn airgead a chur i dtaisce, billí a íoc, airgead a aistriú agus tuilleadh.
Gníomhaíocht 1: (Forbairt Tuisceana)
- Fiosraigh ón rang cén t-eolas atá acu faoi na seirbhísí a chuireann na hinstitiúidí airgeadais thuasluaite ar fáil.
- Abair leo, mura bhfuil sé luaite sa phlé seo, go bhfuil na cuntais éagsúla a chuireann na bainc ar fáil ina measc.
- Roinn na daltaí i ngrúpaí beaga agus iarr orthu na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le cuntas bainc a phlé.
- D’fhéadfadh na buntáistí/míbhuntáistí seo a bheith luaite:
Buntáistí Míbhuntáistí Sábháilteacht Dúnta ag an deireadh seachtaine Áisiúlacht Táillí míosúla Ús tuillte Pionóis ATM Dleacht Stampála Íocaíochtaí isteach – Simplí Táillí eile Aistriú airgid – Simplí Rótharraingt Cártaí Dochair Seirbhísí Fóin/Idirlín Siopa ar Líne - Déan plé ar na pointí seo agus tabhair míniú más gá.
- Meabhraigh nach bhfuil i gceist le cuntas bainc ach seirbhís amháin a chuireann siad ar fáil.
- Tá tuilleadh eolais ar bhileog an mhúinteora thíos.
Gníomhaíocht 2: (Tasc Taighde)
- Mínigh go gcuireann institiúidí airgeadais cuntais éagsúla ar fáil dá gcustaiméirí.
- Tabhair cúpla sampla dóibh – cuntas reatha, cuntas taisce, cuntas coigiltis, comhchuntas.
- Roinn an bhileog oibre thíos leo agus iarr orthu taighde a dhéanamh ar cheann amháin de na cuntais a chuireann institiúidí airgeadais ar fáil.
- Tá bileog bhreise thíos le tuilleadh eolais faoi na gnéithe seo go léir.
- Tá tuilleadh fós ar fáil ach an leathanach seo a oscailt: https://www.ccpc.ie/consumers/money/banking/choosing-your-current-account/
Ceacht 1 Bileog an Mhuüinteora
Ceacht 2
Réamhrá:
Beidh cuntas bainc ag nach mór gach duine againn am éigin sa saol. Osclaíonn roinnt tuismitheoirí cuntas dá bpáistí nuair a bhíonn siad an-óg. Ach i gcásanna eile, osclaíonn na páistí a gcuntais féin – mar shampla, nuair a fhaigheann siad post, nó nuair a thosaíonn siad ar an ollscoil.
Sa cheacht seo oibreoidh na daltaí le chéile chun taighde a dhéanamh ar an bpróiseas iarratais agus faoi na seirbhísí a bheadh ar fáil dóibh dá n-osclódh siad cuntas.
Gníomhaíocht 1:
- Déan achoimre ar roinnt de na ceisteanna a ardaíodh i gCeacht 1 den aonad seo.
- Roinn na daltaí i ngrúpaí beaga agus spreag iad le tabhairt faoi sheisiún tobsmaointeoireachta dírithe ar an gceist seo a leanas: “Cad iad na ceisteanna is tábhachtaí le cur ar bhanc roimh chuntas a oscailt leo?”
- Faigh aiseolas ó na grúpaí éagsúla agus breac seo ar an gclár bán.
- Scaip cóip den bhileog oibre thíos orthu.
- Déan comparáid idir na ceisteanna atá ar an mbileog agus na ceisteanna a ardaíodh sa phlé thuas.
- Ar clúdaíodh na ceisteanna go léir? An raibh cinn in easnamh?
- Cuir aon cheist nach bhfuil clúdaithe ar an mbileog isteach sa spás cuí ag an deireadh.
- Iarr ar na daltaí na ceisteanna a roinnt eatarthu agus taighde a dhéanamh orthu chun an t-eolas a fháil.
- D’fhéadfaí iad a threorú go dtí an leathanach chun eolas ginearálta a aimsiú: https://www.ccpc.ie/consumers/money/banking/opening-account/
- Má tá aon deacrachtaí téarmaíochta ann, tá leagan Béarla den bhileog ar fáil anseo: Bileog
Ceacht 3
Réamhrá:
Ó lá go lá, úsáidimid modhanna íocaíochta difriúla chun rudaí a cheannach – gan mórán smaoinimh. Má tá buidéal bainne á cheannach agat, seans go n-úsáidfeá airgead tirim. Má tá an siopadóireacht sheachtainiúil á déanamh agat, seans go n-úsáidfeá cárta dochair. Faoin am seo, tá tuiscint áirithe againn ar na bealaí íocaíochta seo – a chlúdaíonn cárta dochair, cárta creidmheasa, dochar díreach, buanordú agus araile.
Déanfar forbairt ar an tuiscint seo sa cheacht seo, a léiríonn go n-oireann modhanna íocaíochtaí éagsúla i gcásanna éagsúla – agus go bhfuil buntáistí agus míbhuntáistí le gach modh.
Gníomhaíocht 1: (Forbairt Tuisceana)
- Roinn an rang i ngrúpaí beaga.
- Tabhair cóip den bhileog oibre thíos dóibh.
- Iarr orthu í a líonadh le chéile.
- Má tá cúnamh breise de dhíth, treoraigh iad go dtí an suíomh seo: https://www.ccpc.ie/consumers/money/banking/paying-bills/
Ceacht 3 Modhanna Iüocaiüochta
Gníomhaíocht 2:
- Ar chúl an leathanaigh, iarr orthu liosta earraí a cheannaigh siad, nó a ceannaíodh dóibh le mí anuas a bhreacadh síos.
- Iarr orthu an modh íocaíochta is oiriúnaí, dar leo, a chur le gach rud ar an liosta – Airgead tirim, Seic, Cárta Dochair, Cárta Creidmheasa agus araile.
- Spreag iad chun na buntáistí/míbhuntáistí le gach modh a fhiosrú agus a phlé – eatarthu féin agus ansin mar rang.
- Lorg aiseolas uathu agus déan plé ar na ceisteanna a thagann chun cinn.
Ceacht 4
Réamhrá:
San aonad go dtí seo, pléadh na seirbhísí agus cuntais éagsúla a chuireann institiúidí airgeadais ar fáil; an próiseas iarratais chun chuntas a oscailt; agus na modhanna íocaíochta gur féidir leas a bhaint astu má tá cuntas mar seo agat.
Sa cheacht seo, breathnófar ar an ráiteas bainc – is gá é a thuiscint le cinntiú go bhfuil bainistíocht cheart á déanamh ar airgead s’againn.
Gníomhaíocht:
- Cuir in iúl don rang go bhfuil siad chun tuilleadh eolais a fhoghlaim faoi ráitis bhainc.
- Fiosraigh cén t-eolas atá acu faoin ábhar cheana féin agus déan seo a phlé agus a fhorbairt.
- Bí cinnte go dtuigeann siad gurb éard atá i gceist ná taifead de na híocaíochtaí atá ag teacht isteach agus ag dul amach ó do chuntas thar thréimhse ama. Taispeántar an modh íocaíochta ar an ráiteas freisin.
- Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus scaip cóip den bhileog oibre le scéal Sheáin orthu.
- Léigh an scéal le chéile. Bí cinnte go dtuigeann siad gach gné de.
- Roinn cóip den teimpléad orthu agus iarr orthu é a líonadh isteach bunaithe ar an eolas sa sliocht.
- Déan comparáid idir an obair seo agus an leagan atá ar fáil thíos. Taispeáin an leagan críochnaithe dóibh.
Ceacht 4 Raüiteas – Leathanach an Mhuüinteora
Ceacht 5
Réamhrá:
Caitheadh súil ar an ráiteas bainc sa cheacht roimhe seo. Déanfar forbairt ar an méid atá foghlamtha sa cheacht seo.
Gníomhaíocht:
- Abair leis na daltaí go bhfuil siad 18 mbliana d’aois agus go bhfuil a gcuntas bainc agus a gcárta dochair féin acu.
- Tosaíonn siad ag tús na míosa le €25 sa chuntas.
- Roinn an bhileog oibre orthu agus abair leo go mbeidh orthu roghanna difriúla a thógáil i rith na míosa.
- Iarr orthu ráiteas a chruthú ar thaobh eile an leathanaigh, cosúil leis an ráiteas a cruthaíodh i gceacht 4, bunaithe ar na cinntí a roghnaíonn siad.
Ceacht 5 Raüiteas Idirghniüomhach
Ábhair Airgid
- Staidéar Gnó
- Staidéar Gnó OneNote
- An tSonraíocht
- Aonad 1 – Riachtanais agus Mianta
- Aonad 2 – Acmhainní agus Ioncam
- Aonad 3 – An Timthriall Airgeadais
- Aonad 4 – Caiteachas
- Aonad 5 – Buiséid
- Aonad 6 – Seirbhísí Airgeadais
- Aonad 7 – Coigiltis
- Aonad 8 – Iasachtaí
- Aonad 9 – Freagrachtaí Tomhaltóirí
- Aonad 10 – Cearta Tomhaltóirí
- Aonad 11 – Árachas
- Eacnamaíocht Bhaile