Réamhrá:
Pléadh meon na ndaltaí i leith airgid sa chéad cheacht den aonad seo agus pléadh na seirbhísí airgid a chuireann institiúidí airgeadais ar fáil san aonad roimhe. Tógfar ar an bplé seo sa cheacht thíos, ina dtabharfar faoin mbrí a bhaineann le hairgead a choigilt, na cúiseanna go ndéantar airgead a choigilt, mar aon leis na buntáistí a bhaineann leis.
Déanfar scagadh freisin ar na háiteanna gur féidir le daoine airgead a choigilt.
Gníomhaíocht 1: (Forbairt Tuisceana)
- Mínigh don rang go bhfuil siad chun machnamh a dhéanamh ar na cúiseanna go ndéantar airgead a choigilt.
- Cuir tús le seisiún tobsmaointeoireachta agus iarr ar na daltaí aon rud a ritheann leo nuair a úsáidtear téarmaí ar nós: coigil, coigilt, coigilteas, sábháil, sábháilte, sábháilteacht, taisc, i dtaisce, taisceadán
- An bhfuil frásaí nó téarmaí a thagann chun cinn dóibh?
- Céard iad na hócáidí is mó a sheasann amach?
Gníomhaíocht 2:
- Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus iarr orthu liosta a dhéanamh de na cúiseanna go léir go ndéanann daoine airgead a choigilt.
- Ba cheart go mbeadh neart cúiseanna acu. Déan forbairt orthu, le cinntiú gur cúiseanna iad, seachas liosta ócáidí. Mar shampla:
- Mar tá sprioc faoi leith acu.
- Ar eagla go dtarlóidh rud éigin nach bhfuil siad ag súil leis amach anseo
- Ionas nach mbeidh orthu airgead a fháil ar iasacht – mínigh an téarma ús, mura bhfuil seo déanta cheana.
- Ansin iarr orthu liosta a dhéanamh de na háiteanna a gcuireann daoine airgead i dtaisce.
- Fiosraigh leo an dtuigeann siad na buntáistí a bhaineann leis na háiteanna difriúla seo? Beidh nasc anseo le roinnt mhaith a clúdaíodh in Aonad 6.
- Treoraigh na daltaí go dtí an suíomh seo: https://www.ccpc.ie/consumers/money/saving/
- Abair leo bealach amháin gur féidir airgead a choigilt a fhiosrú, nó tabhair bealach amháin ó na roghanna atá ar fáil dóibh.
- Iarr ar dhuine amháin ó gach grúpa aiseolas a thabhairt faoin méid atá foghlamtha acu a chur i láthair don rang.
Ceacht 3 Ús Iolraithe
Ceacht 3 Múinteoir