Aonad 8 – Iasachtaí
Baineann na ceachtanna san aonad seo, mar aon leis na hacmhainní a bhaineann leo, leis an ráiteas seo a leanas ón tSonraíocht.
Ráiteas 1.5
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire cúiseanna a shainaithint chun airgead a choigilt agus a fháil ar iasacht, na cúiseanna sin a cheangal le foinsí cuí airgeadais a aimsiú i ndáil lena gcuspóir, lena gcostais agus lena rioscaí.
Ceacht 1
Réamhrá:
Cé nach mbeadh mórán taithí ag daltaí meánscoile ó thaobh iasachtaí a fháil ó institiúidí airgeadais, ba cheart go mbeadh ar a gcumas acu na cúiseanna a bhíonn ag daoine a lorgaíonn iasachtaí a fhiosrú. Má tá rud éigin uait nach bhfuil an t-airgead agat ina leith, tá dhá rogha agat – an t-airgead a shábháil, nó iasacht a fháil.
Gníomhaíocht 1: (Forbairt Tuisceana)
- Déan plé ar na cúiseanna go léir go bhfaigheann daoine iasachtaí.
- Ceistigh na daltaí le fáil amach ar tharla sé riamh go bhfuair siad rud/airgead ar iasacht agus go raibh orthu rud éigin breise a íoc ar ais mar chúiteamh? B’fhéidir go bhfuair siad geansaí óna dheartháir/dheirfiúr nuair a bhí siad ag dul amach, ach go raibh orthu cúiteamh sa bhreis a thabhairt dá bharr.
- Léirigh dóibh an tábhacht a bhaineann le hús – go háirithe nuair atá siad ag fáil iasachtaí ó institiúid airgeadais.
- Is ar an mbonn seo go bhfuil sé níos fearr más féidir leat airgead a shábháil nuair atá ábhar éigin nua uait, ionas nach mbeidh ort a bheith buartha faoi aisíocaíochtaí.
Gníomhaíocht 2:
- Roinn na daltaí i mbeirteanna agus iarr orthu liosta a chur le chéile de na cúiseanna go léir go bhfaigheann daoine iasachtaí.
- Roinn an bhileog oibre thíos orthu, ar a bhfuil na ceisteanna is coitianta a chuireann daoine atá ag lorg iasachtaí ar an CCPC.
- Iarr orthu freagraí a thabhairt ar na ceisteanna seo, amhail is gur comhairleoirí airgeadais iad.
- Aimseoidh siad go leor eolais ag an nasc seo a leanas: CCPC
- Tá roinnt freagraí féidearthachta ar an mbileog thíos mar chúnamh.
Ceacht 2
Réamhrá:
Sa chéad cheacht den aonad seo pléadh cúiseanna éagsúla go bhfaigheann daoine iasachtaí. Pléadh an ról a imríonn ús, go háirithe nuair atá iasacht á fáil ó institiúid airgeadais. Sa cheacht seo, breathnófar ar chásanna difriúla agus pléifear na cineálacha iasachtaí a bheadh oiriúnach i ngach ceann acu.
Gníomhaíocht 1:
- Breac síos an liosta seo ar an gclár bán:
- Iasacht Phearsanta
- Iasacht ón gComhar Creidmheasa
- Rótharraingt
- Cárta Creidmheasa
- Fruilcheannach
- Fiafraigh cén t-eolas atá ag an rang faoi na téarmaí. Tabhair míniú más gá. Déan iad a phlé tuilleadh agus úsáid samplaí.
- Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus tabhair cóip den bhileog oibre, (atá ar fáil thíos), dóibh.
- Tá cúig scéal ar gach bileog – le ceist ag an deireadh.
- Abair leo gur gá dóibh gach scéal a léamh agus an freagra cuí a thabhairt – is é sin, cén iasacht is oiriúnaí i ngach cás.
- Nuair atá an tasc déanta, déan plé ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le gach ceann.
- Déan liosta de na buntáistí agus míbhuntáistí seo a fhorbairt mar rang.
- Tarraing aird na ndaltaí ar an nasc seo a leanas, áit go bhfuil go leor eolais faoi iasachtaí ar fáil: CCPC
Ceacht 3
Réamhrá:
Sna ceachtanna go dtí seo pléadh cúiseanna éagsúla go bhfaigheann daoine iasachtaí; an ról a imríonn ús, go háirithe nuair atá iasacht á fáil ó institiúid airgeadais; agus na cineálacha iasachtaí a bheadh oiriúnach i gcásanna éagsúla. Pléifear eolas ginearálta faoi iasachtaí sa cheacht seo.
Gníomhaíocht:
- Roinn cárta glas agus cárta dearg ar gach dalta, nó iarr orthu cinn a dhéanamh le marcóir nó pinn luaidhe dhaite.
- Abair leo go bhfuil tú chun ráitis a léamh amach agus gur gá dóibh cinneadh a thógáil faoi gach ceann acu.
- Abair leo a súile a dhúnadh sula léann tú gach ráiteas.
- Más fíor an ráiteas, dar leo, abair leo an cárta glas a ardú. Más bréagach é, abair leo an cárta dearg a ardú.
- Abair leo a súile a oscailt agus breathnú thart.
- Is féidir leo a n-intinn a athrú de réir mar a fheiceann siad cártaí eile – ach ní mór dóibh fanacht le cinneadh amháin ar deireadh.
- Iarr ar dhaltaí áirithe an chúis taobh thiar den chinneadh seo a thabhairt.
- Iarr orthu siúd a d’athraigh a n-intinn cúis a thabhairt freisin.
- Coimeád taifead ar an gclár bán de líon na gcártaí le haghaidh gach ceist.
- Is iad seo a leanas na ráitis:
- Is féidir le duine ar bith iarratas a dhéanamh ar iasacht
- Níl aon difríocht idir cineálacha éagsúla iasachtóirí
- Is fearr sábháil a dhéanamh ná iasacht a fháil má tá rud éigin uait – bíonn sé níos saoire
- Ba cheart billí le haghaidh cártaí creidmheasa a íoc gach mí
- Má sheasann tuismitheoir le páiste atá ag fáil iasachta, caithfidh an tuismitheoir í a íoc ar ais munar féidir leis an bpáiste
- Níl aon fhadhb má chailleann tú aisíocaíocht iasachta amháin
- Tá tacaíocht ar fáil dóibh siúd nach féidir leo a n-iasachtaí a aisíoc
- Déan machnamh ar roinnt de na ceisteanna is mó a ardaíodh.
- Féach céard iad na ceisteanna is mó go raibh comhaontú ina leith.
- Déan tuilleadh plé ar na ceisteanna is mó go raibh na freagraí scaoilte.
- An raibh cúis faoi leith gur athraigh daoine a n-intinn?
- Léigh amach na freagraí agus an míniú ar an mbileog thíos.
- Déan comparáid idir na freagraí seo agus na freagraí a bhí ag an rang.
Ceacht 4
Réamhrá:
Sna ceachtanna go dtí seo, pléadh cúiseanna éagsúla go bhfaigheann daoine iasachtaí; an ról a imríonn ús; na cineálacha iasachtaí a bheadh oiriúnach i gcásanna éagsúla; mar aon le heolas faoi iasachtaí i gcoitinne. Déanfar costas iasachtaí a ríomh sa cheacht seo.
Gníomhaíocht:
- Léigh an scéal seo do na daltaí:
Tá Elaine ag freastal ar an ollscoil agus tá ríomhaire nua ag teastáil uaithi. Tá post páirtaimseartha aici in oifig agus tá sé ráite léi go mbeidh trí mhí oibre ar fáil di sa samhradh ar bhonn lánaimseartha. Mar sin, tuigeann sí go mbeidh sí in ann aon iasacht a fhaigheann sí a aisíoc sách sciobtha – taobh istigh de bhliain amháin, le cúnamh Dé. É sin ráite, tá sí ag iarraidh an margadh is fearr a fháil le cinntiú go bhfaigheann sí an costas is ísle atá ar fáil ar an iasacht.
- Mínigh dóibh go bhfuil comhairle á lorg ó Elaine, chun an iasacht is fearr a fháil.
- Mínigh dóibh faoin Ráta Céatadánach Bliantúil RCB (APR). Is é sin an méid a íocfar ar an iasacht, a thógann ús agus táillí san áireamh. Mínigh dóibh nuair atá iasachtaí á gcur i gcomparáid lena chéile, gurb é an iasacht leis an RCB is ísle an iasacht is saoire.
- Roinn an bhileog oibre thíos orthu.
- Treoraigh iad go dtí an nasc seo: https://www.ccpc.ie/consumers/financial-comparisons/student-loan-comparison/
- Lig dóibh na figiúirí a chur isteach agus comparáid a dhéanamh idir dhá cheann a fhaigheann siad.
- Iarr orthu an bhileog a líonadh bunaithe ar na torthaí a fhaigheann siad.
- Faigh aiseolas uathu nuair atá an tasc déanta. Fiafraigh cén rogha a mhol siad? Agus cén fáth?
- Déan plé ar na cúiseanna seo.
Ceacht 4 Iasachtaí – RIomh an Chostais
Ceacht 5
Réamhrá:
Nuair atá earra nó seirbhís ag teastáil uainn, is minic go mbíonn sé deacair orainn cinneadh a thógáil faoin mbealach is fearr le híoc as. Is minic nach mbíonn an cinneadh seo ceart nó mícheart – ach fós féin, tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh ar an rogha is fearr. Is é sin, rogha a oireann duit féin ag an am, atá ar phraghas réasúnta agus a shásaíonn do riachtanais. Déanfar cás faoi leith a fhiosrú sa cheacht seo – le cinneadh a dhéanamh an fearr iasacht a fháil nó airgead a shábháil.
Gníomhaíocht 1:
- Meabhraigh don rang go mbíonn costas breise ar earraí agus seirbhísí má íocann tú astu le hiasacht, ná mar a bhíonn má íocann tú astu le hairgead atá i dtaisce agat.
- Meabhraigh dóibh arís gurb é an costas a thugtar ar iasachtaí ná costas creidmheasa.
- Roinn an rang i bpéirí agus roinn cóip den bhileog oibre thíos orthu.
- Léigh tríd an gcás – le cinntiú go dtuigeann gach duine na cúinsí agus na téarmaí atá in úsáid ann.
- Iarr ar gach péire na ceisteanna difriúla a phlé, agus teacht ar réiteach faoin moladh a bheadh acu.
- Meabhraigh dóibh nach bhfuil aon fhreagra ceart nó mícheart. Ach gur gá dóibh cúis a thabhairt a thacaíonn le pé moladh a bheadh acu.
- Faigh aiseolas ó ghrúpaí difriúla – féach an bhfuil na moltaí céanna acu.
- Féach an mbíonn aon tionchar ag an aiseolas seo ar na cinntí a rinneadh.
Forbairt:
- Cuir in iúl don rang go bhfuil bliain thart agus gur laghdaíodh uaireanta oibre Emma. Tá laghdú timpeall 33% tagtha ar a tuarastal.
- Iarr ar an rang an tionchar a imreoidh seo ar Emma a phlé, ag brath ar an gcinneadh a thóg siad thuas.
- Déan na buntáistí agus na míbhuntáistí le gach cás a phlé mar rang.
Ábhair Airgid
- Staidéar Gnó
- Staidéar Gnó OneNote
- An tSonraíocht
- Aonad 1 – Riachtanais agus Mianta
- Aonad 2 – Acmhainní agus Ioncam
- Aonad 3 – An Timthriall Airgeadais
- Aonad 4 – Caiteachas
- Aonad 5 – Buiséid
- Aonad 6 – Seirbhísí Airgeadais
- Aonad 7 – Coigiltis
- Aonad 8 – Iasachtaí
- Aonad 9 – Freagrachtaí Tomhaltóirí
- Aonad 10 – Cearta Tomhaltóirí
- Aonad 11 – Árachas
- Eacnamaíocht Bhaile