Aonad 10 – Cearta Tomhaltóirí
Baineann na ceachtanna san aonad seo, mar aon leis na hacmhainní a bhaineann leo, leis an ráiteas seo a leanas ón tSonraíocht.
Ráiteas 1.7
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire idirdhealú a dhéanamh idir a chearta agus a fhreagrachtaí mar thomhaltóir agus léirthuiscint a bheith aige dóibh.
Ceacht 1
Réamhrá:
Faoin tráth seo tá a fhios againn gur tomhaltóirí muid go léir toisc go mbainimid leas as earraí agus seirbhísí. An cheist a bheidh faoi chaibidil sa cheacht gairid seo ná an tomhaltóirí feasacha muid?
Déanfar plé ar dtús faoin mbrí a bhaineann le tomhaltóir. Ansin déanfar forbairt ar an gcoincheap, a chabhróidh linn tuiscint sa bhreis a fháil ar cad is brí le tomhaltóir feasach, mar aon leis na buntáistí a bhaineann leis.
Gníomhaíocht:
- Roinn na daltaí i ngrúpaí beaga.
- Iarr orthu machnamh a dhéanamh ar ócáidí le déanaí gur cheannaigh siad rud éigin speisialta.
- Soiléirigh arís gur tomhaltóirí iad daoine a cheannaíonn/úsáideann seirbhísí nó earraí.
- Nuair atá machnamh déanta agus soiléireacht forbartha, iarr orthu a machnamh a dhéanamh ar na rudaí a rinne siad a léiríonn go bhfuil siad stuama nó feasach mar thomhaltóirí.
- Tabhair cóip den bhileog thíos dóibh – agus iarr orthu na míreanna a líonadh le focail nó íomhánna, a thabharfaidh pictiúr iomlán den tomhaltóir feasach.
- Samplaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn ná:
- A bheith soiléir faoin rud a bhí uathu
- A bheith ar an eolas faoin méid a bhí le caitheamh acu
- Comparáid a dhéanamh idir praghsanna
- Comparáid a dhéanamh idir caighdeáin
- Admhálacha a choimeád
- Earraí a úsáid mar is ceart
- Pacáistíocht a fuair siad a athchúrsáil
- Déan plé ar an aiseolas a thagann uathu.
- Fiosraigh an bhfuil tuiscint sa bhreis forbartha acu ar na tréithe a bhíonn ag tomhaltóir feasach.
Ceacht 2
Réamhrá:
Bíonn cearta ag tomhaltóirí atá leagtha amach i ndlíthe tomhaltais – dlíthe atá ann chun cosaint a thabhairt dúinn nuair a bhíonn fadhb ann.
Déanfar plé sa cheacht seo ar roinnt de na cearta seo – agus foghlaimeofar faoi cad is gá a dhéanamh le cinntiú go bhfuil ár gcearta mar thomhaltóirí cosanta. Cabhróidh seo linn a bheith feasach mar thomhaltóirí.
Gníomhaíocht:
- Scaip cóip den bhileog thíos ar na daltaí.
- Léigh tríd mar rang le cinntiú go dtuigeann siad an téarmaíocht.
- Iarr orthu rogha amháin ar gach ceist a phiocadh.
- Déan plé ar na freagraí ina dhiaidh – atá ar fáil thíos chomh maith.
Ceacht 2 (Tomhaltóir – Tráth na gCeist)
Ceacht 3
Réamhrá:
Is minic sa lá atá inniu ann go ndéantar earraí a cheannach ar líne – ó áiteanna in Éirinn agus thar lear. Tá liosta le háireamh de na hearraí a cheannaítear atá ag forbairt agus ag fás de réir a chéile.
Breathnófar ar ár gcearta mar thomhaltóirí nuair atá earraí agus seirbhísí á gceannach ar líne againn sa cheacht seo.
Gníomhaíocht 1: (Ag Forbairt Tuisceana)
- Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus iarr orthu liosta a dhéanamh de na hearraí a cheannaítear ar líne.
- Ansin iarr orthu liosta difríochtaí idir earraí a cheannach ar líne agus earraí a cheannach i siopa a dhéanamh.
- Faigh aiseolas uathu
- Déan liosta a chur le chéile ar an gclár bán den aiseolas go léir.
Gníomhaíocht 2:
Fiosróidh an ceacht seo an tuiscint atá ag na daltaí ar a gcearta ar líne. Is fiú na cearta seo a phlé roimh ré agus an tasc seo a dhéanamh mar mheasúnú ar an bhfoghlaim.
- Breac na focail ‘Fíor’ agus ‘Bréagach’ ar dhá bhileog ar dhá thaobh éagsúla den seomra.
- Abair leis na daltaí go mbeidh siad ag siúl go dtí an taobh a réitíonn le liosta ráiteas a bheidh á léamh amach agat.
- Léigh tríd an liosta agus iarr ar na daltaí cinneadh a dhéanamh agus dul go dtí an taobh sin den seomra.
- Mura bhfuil siad cinnte, is féidir leo fanacht sa lár.
- Nuair atá cinneadh déanta, iarr ar dhaltaí áirithe cúis a thabhairt dá gcinneadh.
- Déan seo a phlé, go háirithe nuair a bhíonn éagsúlacht tuairimíochta shuntasach ann.
- Is mar seo a leanas atá an liosta ráiteas:
i. Tá níos lú ceart agat mar thomhaltóir má cheannaíonn tú ar líne, seachas i siopa.
ii. Má cheannaíonn tú ó chomhlacht ar líne atá lonnaithe taobh amuigh den Aontas Eorpach, tá níos lú ceart agat ná mar a bheadh agat dá gceannófá ó chomhlacht ar líne atá san Aontas Eorpach.
iii. Má dhéanann tú cinneadh nach maith leat rud a cheannaigh tú ar líne nuair a fhaigheann tú é, is féidir leat é a sheoladh ar ais agus tá aisíocaíocht iomlán ag dul duit.
iv. Má tá fabht le hearraí a cheannaíonn tú ar líne nuair a fhaigheann tú iad, tá na cearta céanna agat ná mar a bheadh agat dá gceannófá na hearraí céanna i siopa.
v. Níl aon chostas breise ann má cheannaíonn tú earraí ó shuíomh idirlín taobh amuigh den Aontas Eorpach.
- Tá bileog sa bhreis thíos a théann trí na ráitis go léir, le tuilleadh eolais a bheadh cabhrach.
- Déan an t-eolas seo a phlé agus a fhiosrú tuilleadh.
- Fiosraigh ón rang an bhfuil aon rud sa bhreis foghlamtha acu, nó an raibh gach rud clúdaithe?
Ceacht 3 (Siopadóireacht ar Líne – Múinteoir)
Ceacht 4
Réamhrá:
Nuair atá comhlacht ag díol earraí ar líne, ní mór dóibh eolas áirithe a chur ar fáil. Sa cheacht seo, déanfar tasc taighde a fhiosraíonn an t-eolas seo a thuilleadh.
Gníomhaíocht 1: (Tasc Taighde)
- Fiosraigh an bhfuil taithí ag na daltaí ag ceannach éadaí ar líne. Déan plé ar an taithí seo.
- Abair leo machnamh a dhéanamh ar na siopaí éadaí is fearr leo, mar go mbeidh an tasc bunaithe ar thaighde ar an siopa a roghnaíonn siad.
- Tabhair cóip den bhileog oibre thíos dóibh. Iarr orthu tabhairt faoi ina n-aonar.
- Léigh tríd ar dtús mar rang, le bheith cinnte go dtuigeann siad an téarmaíocht go léir.
Gníomhaíocht 2: (Athbhreithniú)
- Iarr ar dhaltaí éagsúla cur i láthair a dhéanamh don rang, bunaithe ar an eolas atá faighte acu.
- Fiosraigh na ceisteanna seo leo:
- An raibh sé éasca teacht ar an eolas?
- An raibh aon cheisteanna nach raibh siad in ann an t-eolas a fháil ina leith?
- Cén tuairim atá acu faoin mbealach a bhfuil suíomhanna éagsúla leagtha amach?
Ceacht 5
Réamhrá:
Sa lá atá inniu ann, bíonn tomhaltóirí ag ceannach i siopaí agus ar líne. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeadh ár gcearta ar eolas againn sa dá chás.
Gníomhaíocht:
- Tabhair cóip den bhileog thíos do na daltaí go léir.
- Léigh tríd mar rang, le cinntiú go dtuigeann gach duine an téarmaíocht.
- Ansin roinn an rang i bpéirí agus iarr orthu an dá chás a phlé – le fáil amach cad iad na cearta atá ag Sorcha agus Máire.
- Treoraigh na daltaí go dtí an suíomh seo má tá cúnamh nó tuilleadh eolais uathu: https://www.ccpc.ie/consumers/shopping/buying-online/
- Tá freagraí sonracha ar bhileog an mhúinteora thíos.
Ceacht 5 (Leathanach an Mhúinteora)
Ceacht 6
Réamhrá:
Faoin am a dtabharfar faoin cheacht seo, ba cheart go mbeadh tuiscint an-mhaith ag na daltaí ar na gnéithe go léir atá clúdaithe go dtí seo.
Gníomhaíocht:
- Abair leis an rang go mbeidh taighdeoir ó chlár teilifíse ag teacht chun na scoile mar chuala sé/sí go bhfuil an rang ag foghlaim faoi chearta tomhaltóirí.
- Tá stiúrthóir an chláir ag iarraidh mír 5 nóiméad a dhéanamh, a chlúdaíonn roinnt de na difríochtaí idir siopadóireacht ar líne agus siopadóireacht i siopaí.
- Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus abair leo go bhfuil liosta ceisteanna curtha ar aghaidh ag an taighdeoir a bheidh curtha sa mhír.
- Tabhair cóip den bhileog leis an liosta ceisteanna dóibh agus iarr orthu script a réiteach ina leith.
- Faigh aiseolas uathu agus iarr ar dhaltaí áirithe a scripteanna a léamh amach don rang.
Ceacht 7
Réamhrá:
Breathnófar ar dhá chás-staidéar éagsúla sa cheacht seo a ardaítear go minic. Iarrfar orainn comhairle a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil ceisteanna cuí acu.
Gníomhaíocht:
- Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí.
- Léigh amach an dá chás le chéile mar rang, le bheith cinnte go dtuigeann siad an téarmaíocht.
- Roinn iad i mbeirteanna agus abair leo an tasc a dhéanamh le chéile – is é sin comhairle a thabhairt do Jenny agus Jamie faoina gcearta.
- Treoraigh iad go dtí foinsí eolais a chabhróidh leo an chomhairle cheart a chur ar fáil.
- Tá neart eolais a bhaineann le hábhar ag bun an leathanaigh seo: https://www.ccpc.ie/consumers/contracts-and-services/tickets/concerts-and-match-tickets/
- Tá tuilleadh eolais, le freagraí sonracha, ar bhileog an mhúinteora thíos.
Ceacht 7 (Leathanach an Mhúinteora)
Ceacht 8
Réamhrá:
Is minic go mbíonn deacracht againn le hearra éigin a cheannaímid agus gur gá dúinn próiseas a leanúint chun fadhb nó deacracht éigin a réiteach. Caithfear súil ar chásanna dá leithéid sa cheacht seo a leanas.
Gníomhaíocht:
- Cuir in iúl don rang go mbíonn cásanna áirithe ann nuair a bhíonn ort gearán a dhéanamh.
- Fiosraigh leo cad iad na cúiseanna, dar leo, go dtarlódh seo.
- D’fhéadfadh samplaí mar seo a leanas teacht chun cinn:
- Bíonn an t-earra fabhtach
- Ní raibh an t-earra/seirbhís mar a bhí fógartha
- Ní raibh an t-earra ar chaighdeán lena raibh tú ag súil
- Rinne tú gearán ach ní bhfuair tú freagra
- D’íoc tú as rud éigin ach ní bhfuair tú é
- Ní raibh an tseirbhís do chustaiméirí a fuair tú sásúil
- Abair leis an rang go mbeidh rólghlacadh á dhéanamh acu ar chásanna éagsúla.
- Roinn iad i ngrúpaí beaga – 4 is fearr.
- Tabhair cás amháin ón mbileog thíos dóibh.
- Tabhair neart ama dóibh an cás a léamh a phlé agus a fhiosrú mar ghrúpa.
- Iarr ar gach grúpa rólghlacadh a dhéanamh os comhair an ranga bunaithe ar an gcás.
- Déan plé mar rang ar gach cás. Ar ardaíodh na ceisteanna cearta? Ar pléadh na gnéithe difriúla?
- Roinn bileog an mhúinteora thíos leo – a théann trí na cásanna éagsúla le sonraí maidir le treoir agus comhairle bhreise.
- Déan plé ar na ceisteanna a ardaítear. Cad iad na rudaí breise atá foghlamtha? An raibh taithí ag duine ar bith acu le cás dá leithéid cheana?
Ceacht 8 (Rólghlacadh – Daltaí)
Ceacht 8 (Rólghlacadh – Múinteoir)
Ceacht 9
Réamhrá:
Caithfear súil ar litir ghearáin sa cheacht seo, bunaithe ar chás-staidéar.
Gníomhaíocht:
- Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí.
- Léigh trí na príomhphointí mar rang, le bheith cinnte go dtuigeann siad an téarmaíocht.
- Iarr ar na daltaí litir a chumadh a d’oirfeadh don chás – a chlúdaíonn na pointí go léir atá luaite.
- Féach na teimpléid ag an nasc seo mar threoir: https://www.ccpc.ie/consumers/how-to-complain/complaint-letter-templates/
- Tá tuilleadh treorach agus eolais ar fáil ar an mbileog eile thíos – gur fiú a phlé mar rang.
Ábhair Airgid
- Staidéar Gnó
- Staidéar Gnó OneNote
- An tSonraíocht
- Aonad 1 – Riachtanais agus Mianta
- Aonad 2 – Acmhainní agus Ioncam
- Aonad 3 – An Timthriall Airgeadais
- Aonad 4 – Caiteachas
- Aonad 5 – Buiséid
- Aonad 6 – Seirbhísí Airgeadais
- Aonad 7 – Coigiltis
- Aonad 8 – Iasachtaí
- Aonad 9 – Freagrachtaí Tomhaltóirí
- Aonad 10 – Cearta Tomhaltóirí
- Aonad 11 – Árachas
- Eacnamaíocht Bhaile